Dáil debates

Tuesday, 10 July 2018

Education (Admission to Schools) Bill 2016: From the Seanad

 

8:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cé nach raibh mé bainteach sna díospóireachtaí ar an reachtaíocht seo laistigh sa Dáil, sna coistí nó in aon áit eile, bhí idirbheartaíocht idir mé féin agus roinnt de na heagrais atá luaite ag an Teachta Byrne. Measaim go bhfuil an ceart aige go bhfuil dul chun cinn déanta. Measaim nach raibh sé riamh i gceist go mbeadh bac i gceist. Cheap pobal na Gaeilge go raibh seans ann go mbeadh bac i gceist maidir le coinníollacha iontrála sna Gaelscoileanna dá leanfaimid ar aghaidh leis an mbunfhoclaíocht a bhí ann. Tháinig muid ar fad le chéile chun iarracht a dhéanamh teacht ar fhoclaíocht a chinnteodh go mbeadh an reachtaíocht seo chun leasa na teanga agus go dtiocfadh borradh ar an nGaelscolaíocht. Measaim gur athrú maith é sa deireadh thiar thall. Tá súil agam go bhfuil athrú meoin le feiceáil laistigh den Roinn. Léiríonn an leasú seo gur féidir leis na heagrais agus na polaiteoirí ar fad suí síos agus teacht ar fhoclaíocht a shásaíonn gach éinne má bhíonn deis againn. Sa deireadh thiar thall, measaim go ndéanfaidh an fhoclaíocht seo an beart. Tá gá le hathrú bunúsach ar mheon na Roinne ó thaobh éileamh a chothú, seachas éileamh a shásamh. Ní dhéanann an Roinn an t-éileamh maidir le Gaelscoileanna a shásamh, san iomlán. Má tá an chéad réabhlóid eile atá ag teastáil ó thaobh an Ghaelscolaíocht le titim amach, ba cheart go mbeadh sé mar dhualgas ar an Stát - agus go háirithe ar an Roinn Oideachais agus Scileanna - an t-éileamh sin a chothú.

Ba cheart don Roinn dul amach agus déanamh cinnte de go bhfuil seans ag tuismitheoirí éileamh a lorg. Faoi láthair, fanann an Roinn chun an t-éileamh atá ag teacht ó lasmuigh a mheas, rud a bhí deacair le tamall de bhlianta anuas. Tá sórt athrú a teacht anois. Molaim an mhéid atá déanta ag daoine sa chás seo. Tá súil agam go n-éireoidh leis an meon atá taobh thiar den leasú seo amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.