Dáil debates

Tuesday, 10 July 2018

Education (Admission to Schools) Bill 2016: From the Seanad

 

8:00 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach páirtí sa Teach agus leis na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, go háirithe Conradh na Gaeilge agus Cearta Oideachais, a rinne sár-obair le chéile chun próiseas iontrála nua do lucht na Gaeilge, na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí a chur le chéile. Measaim go bhfuil gach duine sásta leis an bpróiseas seo. Bhí go leor daoine buartha go raibh céimniú síos ar siúl maidir leis an nGaeilge agus na Gaelscoileanna. Cheap siad go mbeadh deacrachtaí le teaghlaigh le Gaeilge acu freastal ar Ghaelscoileanna áirithe. Measaim go bhfuil jab maith déanta. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta Ó Cuív, a bhí i mbun idirbheartaíochta ar son Fianna Fáil, agus leis an Aire. Níor aontaigh an Freasúra anseo sa Dáil leis an treo ina raibh an tAire ag dul, ach nuair a d'iarramar air gan dul ar aghaidh leis an gcur chuige a bhí i gceist aige maidir leis an gceist seo, d'fhreagair sé go dearfach agus d'oibrigh sé lena oifigigh chun leasú suntasach a chur chun cinn sa Seanad. Tá muidne sásta leis an leasú sin. Measaim go bhfuil an pobal go léir sásta. Is slí an-mhaith é sin chun an jab reachtaíochta a dhéanamh sa Dáil agus sa Seanad. Nuair a oibríonn gach duine le chéile - na hoifigigh a bhfuil saineolas acu ar nithe reachtúla san áireamh - is féidir linn an míniú agus an bhrí atá á lorg againn sa Dáil a scríobh isteach sa reachtaíocht. Tá sé sin tábhachtach. Measaim go bhfuil jab ceart agus cruinn déanta maidir leis na leasuithe seo. Tá muidne sásta. Gabhaim buíochas leis an Aire agus leis na Teachtaí ó gach páirtí a d'oibrigh le chéile ar an bpróiseas seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.