Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Other Questions

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

5:45 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá dhá seirbhís aeriompar de ardchaighdeán fóirdheonaithe ag mo Roinn, seirbhís faoi oibleagáid, seirbhísí poiblí a fhreastalaíonn ar Oileáin Árainn, Contae na Gaillimhe agus seirbhís ingearán do Thóraí, Contae Dún na nGall le linn an gheimhridh. Maidir le seirbhís ar Oileáin Árainn, meastar go gcaithfear €2.3 milliún air i 2018, comhdéantamar seo a leanas: seirbhís aer PSO - €79,000; táillí tuirlinge paisinéirí iníoctale hAer Arann - €450,000; bainistiú aerfort Chonamara - €507,000; bainistiú aerfoirt ar na hoileáin - €486,000; rátaí ag na haeradróim ar na hoileáin - €6,000. Sin figiúir iomlán de €2.3 milliún. Tá an seirbhís ingearán do Thóraí comhmhaoinithe le haonad na Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte agus faoi láthair cuirtear maoiniú ar fáil do seirbhísí seachtainiúil ó Mí na Samhna go Mí an Mhárta. Is buiséad bliantúil de €150,000 atá curtha ar fáil ag mo Roinn don tseirbhís seo. Tá mo Roinn ag fiosrú i láthair na huaire le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi féidirtheacht an seirbhís a leathnú amach ar feadh trí mhí eile, ach níl costas ar fáil do sin go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.