Dáil debates
Wednesday, 9 May 2018
Other Questions
Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe
5:45 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá mé ag iarraidh a fháil amach ón Aire Stáit cé mhéad atá de chaitheamh ar aeriompar chuig na hoileáin. Caithfear tabhairt san áireamh an titim ollmhór atá ar líon na bpaisinéirí atá ag úsáid na seirbhísí go háirithe mar go bhfuil an tseirbhís i bhfad níos measa agus níos teoranta ná mar a bhíodh sé. Nuair a ghlaonn daoine ag iarraidh dul ar an eitleán, deirtear go bhfuil an t-eitleán lán.
No comments