Dáil debates
Wednesday, 28 February 2018
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
11:10 am
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Maidir leis na moltaí, aontaím leis an dualgas atá orainn uilig agus atá ag achan Rann. Tá dualgais mhóra ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Táimid ag siúl go mór leis na moltaí a fháil ón Roinn sin maidir leis an bplean gníomhaíochta. Maidir le RTÉ, beidh dualgais ar an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Dá mbeadh aon fhadhb nó aon imní ar an Teachta san am atá romhainn, tá mé ar a taobh agus ar son an teanga agus tá cuidiú ar fáil anseo maidir le haon bhealach atá de dhíth.
No comments