Dáil debates
Wednesday, 28 February 2018
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
11:10 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Is dea-scéal é sin. Gabhaim buíochas as sin. Táimid ag tnúth leis é a fheiceáil agus é a léamh. Ach táimid go léir imníoch ar son na Gaeilge. Mar is eol don Aire, tá Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ann, agus tá dualgais faoi leith ar an Rialtas agus ar Ranna éagsúla. Le déanaí chualamar nuacht ó RTÉ go raibh sé ar intinn acu “Nuacht” a réamhthaifeadadh roimh an am. Luaim an méid sin mar shampla den easpa tuisceane atá le feiceáil i RTÉ maidir leis na freagrachtaí atá orthu. Chomh maith leis sin tá a fhios againn ar leibhéal eile nach bhfuil na scéimeanna teanga ag feidhmiú ar chur ar bith agus dúirt an Coimisinéir Teanga an méid sin go soléir. Is iad seo chuid de na rudaí atá luaite sa straitéis. Mar sin, tá gá le hathbhreithniú agus le plean gníomhaíochta a bheith ann go práinneach.
No comments