Dáil debates
Wednesday, 28 February 2018
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
11:10 am
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Go raibh maith agat. Tá a fhios agam nach bhfuil sé éasca agus go bhfuil obair tras-rannach i gceist. Ach is í seo Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Foilsíodh an straitéis in 2010. Bhí sé bunaithe ar a lán oibre roimhe sin, mar shampla an Ráiteas Gaeilge ó 2006. Tá fhios againn go bhfuil gá práinneach le plean gníomhaíochta. Tá sé thar am é a fhoilsiú agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá sé de phribhléid agam a bheith i mo Chathaoirleach ar an gcoiste Gaeilge agus tá a fhios againn ó na cruinnithe in aghaidh na coicíse chomh leochaileach is atá an Ghaeilge agus an práinn atá ag teastáil maidir le plean gníomhaíochta. An mbeidh sé foilsithe roimh dheireadh na míosa, nó an foilseofar é i mí Aibreáin? Cathain a foilseofar é?
No comments