Dáil debates
Wednesday, 28 February 2018
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
11:10 am
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Dírím aird an Teachta ar na freagraí atá tugtha agam ar Cheisteanna Dála eile faoin ábhar seo cheana féin. Mar atá ráite agam roimhe seo, ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, ba ghá go leor plé a dhéanamh le Ranna Stáit agus páirtithe leasmhara eile maidir le hullmhú an Phlean Gníomhaíochta.
Mar atá mínithe agam go minic roimhe seo chomh maith, is é nádúr na hoibre seo go dtógann sé am chun nithe a aontú le páirtithe leasmhara éagsúla a bheidh freagrach i ndeireadh báire as pé beart a aontaítear a fheidhmiú agus mar go bhfuil sé mar chuspóir a chinntiú, oiread agus is féidir, go mbeidh fiúntas leis an gclár bearta a bheidh sa phlean críochnúil.
Tá an obair sin ag teacht chun críche anois agus, dá réir, tá bailchríoch á cur ag mo Roinnse faoi láthair ar an bplean a ndéanfar a fhoilsiú sna seachtainí amach romhainn.
Ní call a rá ar ndóigh go bhfuil cláir oibre á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn féin agus ag Ranna agus forais ábhartha eile stáit, chomh maith le raon leathan eagraíochtaí Gaeilge chun cúram a dhéanamh, i gcaitheamh an ama, ar fheidhmiú na Straitéise.
No comments