Dáil debates

Wednesday, 7 February 2018

Public Health (Alcohol) Bill 2015 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

5:55 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Measaim go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaimid ár ndícheall a chinntiú go mbeidh an Bille Sláinte Poiblí (Alcól), 2015 rite tríd an Teach seo chomh tapaidh agus is féidir. Is sláinte an phobail atá i gceist. Ba cheart dúinn a chinntiú nach leanfar leis an réimeas atá againn faoi láthair. Ba chóir dúinn daoine óga, go háirithe, a chosaint. Is fiú freisin cosaint a thabhairt dóibh siúd atá gafa leis an alcól nó faoi gheasa ag an alcól. Aithnítear go bhfuil alcól agus drugaí fite fuaite lena chéile. Bíonn na tascfhórsaí timpeall na tíre ag déileáil ní hamháin le ceist na drugaí mídhleathacha ach freisin le drugaí eile agus cad a tharlaíonn dá réir, go háirithe dóibh siúd atá gafa leo. Le blianta anuas, déanann na tascfhórsaí déileáil leis an gceangal idir an alcól agus an tionchar atá ag an alcól ar ghnáthdhaoine. Tá an straitéis ceannann céanna i gceist sa dhá chás.

Nuair atáimid ag caint faoin ábhar seo, ní mór dúinn an cruachás ina bhfuil teaghlaigh timpeall na tíre, agus an tslí ina bhfuil siad ag déileáil leis na fadhbanna seo, a thuiscint. Go dtí seo, ba léir dóibh nach raibh aon chosaint acu.

Bhí siopaí, ollmhargaí agus off-licences nua á n-oscailt i ngach áit thart timpeall orthu agus iad ag díol an druga seo: alcól. Ní killjoy mise. Tá mise breá sásta deoch nó dhó, nó níos mó, a bheith agam ar ócáidí ach níl mé faoi gheasa ag an druga seo. Leis na blianta anuas tá an cruachás atá ag baint leis seo do theaghlaigh atá ar an ngannchuid feicthe againn. Fiú teaghlaigh a bhí go leor airgid acu, theip orthu déileáil leis seo. Bhí daoine sa tír seo a raibh gnólachtaí móra le fostaithe acu agus bhí saol teaghlaigh maith acu. Tar éis bliain nó dhó tugtha don ól nó do dhrugaí, áfach, ní raibh pingin rua fágtha. Sin an sórt rud atá i gceist. Ní raibh aon chosaint ann dóibh agus bhí fógraí i ngach áit thart timpeall orthu agus iad ag brú alcóil orthu. Bhí na fógraí seo ar an teilifís, sa nuachtáin, ag stadanna bus agus ar an raidió. Anois tá an reachtaíocht seo ag iarraidh déileáil leis seo agus molaim é. Ar a laghad, táimid sásta bogadh ar aghaidh agus iarracht a dhéanamh chun déileáil leis seo. Measaim nach dtéann an reachtaíocht fada go leor ó thaobh réimse amháin de ach táim sásta tacú leis an mBille seo.

Araon le gach duine eile sa Teach seo, fuair mé a lán litreacha agus achainí ó dhreamanna ar nós Retail Ireland, vintners' assocations agus a leithéid. Bhí comhlachtaí atá lonnaithe i mo cheantar féin ag impí orm gan tacú leis an mBille seo, agus tuigim iad. Tuigim cé chomh mór is atá an gnó seo, tuigim an méid infheistíochta a dhéanann siad ann, agus tuigim go mb'fhéidir go mbeidh siad beagáinín thíos leis ar fad tréimhse. Ní sin atá i gceist, áfach. Is é an Stát atá thíos leis agus an fhadhb seo leis an alcól againn le ró-fhada anois. Tá gá dúinn seasamh éigin a ghlacadh mar tá na rialacha agus na ceadúnais chomh scaoilte sin nach fiú iad a bheith ann in aon chor. Tá an reachtaíocht seo chun rialacha a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh sé níos deacra alcól a fheiscint, ní hamháin i bhfógraí ach sna hionaid atá a dhíol chomh maith.

I mo cheantar féin, san áit atá m'oifig agam i mBaile Formaid, níl ag oscailt le déanaí ach siopaí geallghlacadóra agus siopaí ina bhfuil alcól á dhíol iontu. Ní off-licences atá i gceist agam.Tá an méid céanna off-licences ann le tamall maith de bhlianta. Sna siopaí agus sna ollmhargaí atá á n-oscailt, tá spás curtha ar leataobh chun póirtéir, fuisce agus a leithéid a dhíol. Caithfimid stop a chur leis sin ionas nach mbeidh páistí ag déanamh ceangal amach anseo idir an dinnéar nó milseán a cheannach agus slab beorach a cheannach. Seo ceann de na bealaí chun tús a chur leis an troid seo.

Mar a dúirt mé, ní killjoy mise. Bainim sult as pionta nó dhó ach ní mise ceann dóibh siúd a bhíonn, mar a deirtear i mBéarla, locked nó fluthered gach deireadh seachtaine. Is fíorannamh a bhím san riocht sin. Tá daoine ann nach féídir leo maireachtáil gan a bheith ar meisce, áfach. Bíonn siad buckled nó, mar a deirtear i gCorcaigh, langered. Tá sraith fhocal ann agus ceapann daoine go bhfuil sé seo greannmhar ach tá sé seo an-dáiríre. Mar a dúirt mé, baineann sé seo le saol dhaoine.

Beidh mé chun tosaigh i slí amháin ar mo pháirtí mar beidh mé ag rá nach chóir alcól a bheith ar díol in aon siopa sa tír seo agus go mbeadh sé ar díol in off-licences amháin, mar a bhíodh sé. Le drugaí eile a cheannach, bíonn ar dhuine dul go dtí an poitigéir. Is druga é seo agus ba chóir go mbeadh ceadúnas áirithe ann chun é a dhíol agus ní chóir go mbeadh sé ar fáil i measc nithe eile. Mar a dúirt mé, fuair mé achainí ó chomhlachtaí. Tá an comhlacht is mó in Éirinn a dhíolann alcól - Guinness - lonnatihe i mo cheantar féin. Tá comhlachtaí nua atá ag díol fuisce sa tír seo lonnaithe ann chomh maith. Nílim ag iarraidh go mbeadh said dúnta nó go mbeadh poist caillte. Tá siad ag déanamh an oiread sin airgid, áfach, nach gcuirfeadh sé seo isteach orthu beag nó mór. Dúradh gur thug 800,000 duine cuairt ar a whiskey distillery visitor centre anuraidh. Dream mór é seo agus an chuid is mó acu ag teacht ó thar lear chun turas a thabhairt orthu seo. Níl an reachtaíocht seo ag cur cosc ar fhógraíocht lasmuigh den tír seo atá ag iarraidh turasóirí a mhealladh isteach sa tír chun cuairt a dhéanamh ar Guinness, the Dublin Liberties distillery atá le hoscailt i mo cheantar féin agus a leithéid. Tá Teeling ann cheana fein agus tá Guinness ag tógáil distillery eile. Tá roinnt mhaith mhór díobh seo ann agus níl siadsan chun alcól d'aon sórt a chur ar fáil ach amháin má tá brabús i gceist leis, agus brabús an-mhór atá i gceist. Ní gá ach féachaint ar cá bhfuil na comhlachtaí móra alcól timpeall an domhain. Tá siad i mbarr a réime faoi láthair mar tá níos mó daoine ná riamh ag ól.

Ba chóir go mbeadh ceadúnas ag gach áit atá ag díol alcól agus baineann sé seo leis an Teach seo chomh maith céanna. Aon áit a bhfuil beár nó off-licence ann, ba chóir go mbeadh ceadúnas ann. Ó thaobh bialanna agus a leithéid, tuigim an t-athrú a tharla tamall maith de bhlianta ó shin ionas gur féidir le daoine suí síos agus buidéal beorach nó gloine fíona a bheith acu lena mbéile. Táimse ag déanamh tagairt do dhaoine atá ag ceannach peitril: bíonn 24 buidéal Budweiser nó Bulmer's, mar a ólann mise, os a gcomhair amach agus iad ar chostas an-íseal. Bíonn an costas i bhfad níos ísle ná mar a bhíonn sé in off-licences nó sna tithe tábhairne. Tá rud éigin mícheart nuair atá sé níos saoire dúinn dul áit éigin eile seachas na háiteanna atá an ceadúnas acu agus atá tar éis cloí leis na rialacha thar na blianta. Níl mé ag rá nach bhfuil fadhbhanna ann maidir le díolachán alcóil sna tithe tábhairne agus a leithéíd ach ní chóir go mbeadh muid ag ligint de níos mó áiteanna alcol a dhíól.

Tacaím go huile is go hiomlán leis an reachtaíocht seo. Mar a dúirt mé, ba chóir dó dul níos faide. Ba chóir go mbeadh muide sa Teach seo ag cur teachtaireacht chuig gnáthphobal na tíre agus chuig an aosóg go háirithe go bhfuil alcól dainséarach. Má tá sé dainséarach, ba chóir go mbeadh rialacha speisialta ann chun a dhéanamh cinnte de nach bhfuil sé ag déanamh damáiste d'ár sochaí amach anseo. Ní hamháin in Éirinn atá an fhadhb. Tá an fhadhb ann i dtíortha eile timpeall na hEorpa chomh maith.

Molaim an Bille agus tacóidh an páirtí leis. Ba chóir go mbeadh sé níos láidre, áfach. Tá go leor airgid ag na comhlachtaí mór chun teacht timpeall ar an mBille seo sna bealaí a thagann siad timpeall ar chosc ar fhógraíocht alcóil i dtíortha eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.