Dáil debates
Tuesday, 23 January 2018
Priority Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
4:55 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Tháinig an smaoineamh uaimse cúpla bliain ó shin fá dtaobh den phlean gnímh cúig bliana agus tá sé an plean gnímh agus an straitéis 20 bliain fite fuaite ina chéile. Tá gealltanas ann fá dtaobh de dheireadh mhí Feabhra. É sin ráite, an gealltanas is mó ná an spreagadh agus an obair atá déanta leis na dreamanna éagsúla a bhí freagrach as an teanga, mar shampla, Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile. Leo siúd, tá na dreamanna Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta fosta. Tá siadsan ag obair ar chlár na straitéise 20 bliain. Is plean níos faide é an straitéis 20 bliain agus tá an plean gnímh cúig bliana de dhíth fá choinne an spriocdháta agus na príomhspriocanna fá dtaobh den teanga a bhogadh ar aghaidh. Dúirt an Teachta go raibh rudaí diúltacha ag dul ar aghaidh maidir le ceantair Ghaeltachta agus an teanga. Ní haontaím leis sin. Tá cuid mór rudaí dearfacha ag dul ar aghaidh. Tóg, mar shampla, na scoileanna sa Ghaeltacht. Nuair a bhí mise i mo cheantar féin sa Ghaeltacht, bhí daoine ag labhairt Gaeilge. Beidh na rudaí nádúrtha ag dul ar aghaidh leis an teanga. Tá an teanga in áit difriúil sa Tuaisceart fosta. Fuair mise an spreagadh an teanga a athfhoghlaim ó dhaoine atá ina gcónaí sa Tuaisceart. Daoine iad seo ó Ard Mhacha, Tír Eoghain, Doire agus Béal Feirste. Tá an teanga in áit difriúil faoi láthair.
Additional text to follow.
No comments