Dáil debates

Tuesday, 23 January 2018

Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

4:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

An fhadhb atá agamsa ná go bhfuil gach duine sa Dáil seo ag rá gur cheart go mbeadh Acht teanga ann sa Tuaisceart ach, ar an taobh seo den Teorann, tá na hachmhainní go léir againn agus an toil go léir againn - tá gach duine ar an taobh céanna mar gheall ar an gcuid is mó den Acht sin agus mar gheall ar an bplean gnímh - ach fós tá an t-am ag sleamhnú thart. Uaireanta úsáideann daoine "taighde" mar leithscéal. Nuair nach bhfuil Rialtas ag iarraidh rud a dhéanamh, uaireanta deirtear go gcuirfear isteach i gcoiste é nó go bhfaighidh sé tuarascáil breise faoin rud. Tá deis iontach anseo ag an Aire Stáit, áfach, agus tá suim aige ann. Níl a fhios ag éinne cé chomh fada is a mhairfidh an Dáil seo. B'fhéidir go dtitfidh sé i mí Aibreán ach b'fhéidir go leanfaidh sé go dtí mí Dheireadh Fómhair. Ní bheidh an deis céanna againn, áfach, chun plean gnímh a chur os comhair na Dála agus os comhair na tíre agus chun Acht na dTeangacha Oifigiúla níos láidre a chruthú. Impím ar an Aire Stáit go mbróstódh sé leis an rud seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.