Dáil debates

Tuesday, 23 January 2018

Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

4:55 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh. 303 ar 21 Samhain 2017 maidir leis an bplean gníomhaíochta don tréimhse 2018 go 2022 faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, ós rud é go bhfuil freagracht thrasRannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na straitéise, tá plé ar bun ag mo Roinn leis na páirtithe leasmhara éagsúla maidir le spriocanna sonracha agus tráthchlár ina leith a aontú.

Mar atá mínithe agam go minic roimhe seo, is é nádúr na hoibre seo go dtógann sé am le nithe a aontú. Ní call a rá go bhfuilim ar an airdeall chomh maith faoin ngá a chinntiú, oiread agus is féidir, go bhfuil fiúntas leis an gclár bearta a mbeifear ag súil leis a chur i dtoll a chéile mar chuid den phlean críochnúil agus is gá, dá réir, a chinntiú go bhfuil téagar agus tairbhe le pé bearta a bheidh sa phlean i ndeireadh thiar thall.

Táim sásta go bhfuil  an obair sin ag dul ar aghaidh go maith agus is féidir a bheith cinnte de go leanfar leis an obair sin i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha leis an sprioc go mbeidh an plean á fhoilsiú faoi dheireadh mhí Feabhra nó mar sin.

Maidir leis an mBille teanga, tá mo chuid oifigigh ag obair i gcomhréir le hOifig an Ard-Aighne chun an Bille a dhréachtú.  Ag an am céanna, tá comhairliúcháin ar bun ag mo Roinn leis na Ranna Stáit ábhartha, leis an gCoimisinéir Teanga agus le páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fearr agus is éifeachtaí againn le tabhairt os comhair an Oireachtais.  Tá an Bille seo san áireamh i gclár reachtaíochta an Rialtais le bheith foilsithe le linn sheisiún an Earraigh-an tSamhraidh de chuid na Dála.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.