Dáil debates
Tuesday, 23 January 2018
Priority Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
4:55 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ar dtús, guím gach rath ar an Aire nua ina post. B'fhéidir go mbuailfidh sí linne go luath chun rudaí a phlé.
Mar is eol don Aire Stáit, tá géarchéim ann sa Ghaeilge thar timpeall na tíre ag an bomaite agus ba cheart go mbrostóimid orainn chun é a dheisiú. Táimid ag fanacht ón samhradh ar an bplean gnímh cúig bliana don straitéis 20 bliain a d'eascair ó athbhreithniú a thit amach in 2015. Dúirt an Roinn linn i mí na Samhna go bhfoilseofaí é "chomh luath in Éirinn agus is féidir". Níl a fhios agam cad is brí leis sin agus níl a fhios agam cathain a bheidh sé foilsithe ach tá géarghá go mbeadh sé foilsithe go luath.
No comments