Dáil debates

Wednesday, 12 July 2017

Ministers and Secretaries (Amendment) Bill 2017: Committee and Remaining Stages

 

9:25 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Feicim go bhfui croí an Aire ag preabadh go láidir, cé go bhfuil sé i bhfolach, mar tá cara nua aige. Tá an Teachta Éamon Ó Cuív ag obair ar a shon anois agus é ag iarraidh go mbeidh níos mó airgid agus níos mo cumhachta ag an Aire. Is ally iontach é an Teachta Éamon Ó Cuív don Aire anois.

Níl aon mhearbhall orm maidir leis an rud seo. Ní chreidim in aon chor go bhfuil croí an Rialtais seo i gcúraim na réigiún nó na gceantar tuaithe ar chor ar bith. Is léir ón méid atá feicthe againn ó thaobh chúrsaí airgeadais agus gnó agus ó thaobh an daonáirimh agus an méid atá an daonra bogtha go dtí an taobh seo den tír go bhfuil an Rialtas ag ligean dó sin a tharlúint agus gan aon stop á chur leis ar chor ar bith. Ní cheart go mbeadh muid ag súgradh leis an rud seo. Is rud uafásach tábhachtach é an tuath. Ba cheart dúinn an méid is mó a dhéanamh chomh tapaidh agus is féidir linn chun go mbeidh daoine in ann maireachtáil amuigh faoin tuath gan aon bhochtanas ag baint leis.

Tá iontas orm faoin méid ama atá ag an Teachta Ó Cuív. Tá géarchéim uafásach sna ceantair tuaithe thar timpeall na tíre seo. Níl am ag daoine. Tá daoine ag fágáil na tíre. Tá siad ag fágáil na contaetha sin. Tá siad ag cailliúint a dtithe agus tá an bochtanas go forleathan sna ceantair tuaithe thar timpeall na tíre. Ní féidir linn dul ar ais abhaile amárach agus a rá le daoine i gContae na Mí nó i gContae na Gaillimhe go bhfuil gach rud ceart go leor, gur chóir dóibh fanacht linn agus go mbeidh gach rud réitithe againn am éigin i mí Dheireadh Fómhair. Ba chóir dúinn an t-am a úsáid chomh éifeachtach agus is féidir linn.

Leis an bhfírinne a rá, tá Fianna Fáil ag cur ceist ar Fine Gael maidir leis an méid airgid a bheidh i mbuiséad na Roinne seo ach braitheann an buiséad sa Roinn seo ar bheirt: an Teachta Micheál Martin agus an Taoiseach, an Teachta Leo Varadkar. Tá an cinneadh i lámh an Theachta Éamon Ó Cuív maidir leis an mbuiséad a bheidh ag an Roinn seo agus tá an cinneadh ina lámh maidir leis an méid cumhachta a bheidh ag an Roinn seo. Ní chóir don Teachta Ó Cuív a bheith ag imirt linn maidir leis an méid a bheidh sa chiste seo sa todhchaí.

Maidir leis an nGaeltacht a bheith luaite i dteideal na Roinne, gan dabht, tá an Ghaeltacht i bponc ag an bomaite. Tá an-seans ann gurb í seo an ghlúin deireanach a bheidh an Ghaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht aici. Níl ach 20,000 duine ag labhairt na Gaeilge mar teanga laethúil sa Ghaeltacht ag an bomaite. Is rud uafásach é sin, gan dabht ar bith.

An rud atá mise buartha faoi ná an méid airgid agus an méid cumhachta a bheidh ag an Roinn agus an t-am a bheidh ag an Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh, agus ag an Aire sinsearach, an Teachta Heather Humphreys, maidir leis seo. Is iad sin na rudaí is tábhachtaí ó thaobh dul chun cinn i dtaobh chúrsaí fostaíochta agus todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht. Baineann an Roinn eile leis an nGaeilge freisin. Tá níos mó daoine ag labhairt an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den Ghaeltacht sa bhliain seo ná mar atá á labhairt sa Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh an Roinn sin ag breathnú agus ag díriú ar na ceantair thar timpeall na tíre agus, mar shample, ar an mbreacGhaeltacht uirbeach atá i gCluain Dolcáin. Ba cheart go mbeadh an Roinn ag féachaint ar conas is féidir an Ghaeilge a chur chun cinn sna bailte agus na cathracha thar timpeall na tíre.

I mo thuairimse, an fhadhb atá sa leasú atá ag an Teachta Ó Cuív ná go laghdóidh sé líon na nAirí atá ag labhairt - tá súil agam - ar son na Gaeilge ag bord an Rialtais. Tá beirt acu ann: an tAire Stáit, an Teachta Joe McHugh, agus an tAire sinsearach, an Teachta Heather Humphreys. Má bhainfimid cúraim na Gaeltachta ón Roinn sin agus má chuirfimis sa Roinn nua iad, ní bheidh ach Aire amháin ag labhairt ar son na Gaeilge. Céim siar é sin. Mar sin, ní féidir liom mo thacaíocht a thabhairt don leasú sin.

Tá rud eile le tabhairt san áireamh. Dúirt daoine san HSE liom go dtagann Aire nua ar an bhfód gach cúpla blian agus smaointí difriúla aige nó aici agus bíonn rialacha nua le cur i bhfeidhm. Gach bliain, bíonn an-chuid oibre déanta ag an HSE agus é ag bainistiú na n-athruithe seo. Gach bliain bíonn an HSE ag obair ar na hathruithe seo ionas go mbeadh siad in ann rud éigin a dhéanamh le haghaidh na n-othar thar timpeall na tíre. Ní féidir leis an HSE obair ar son an chuspóra atá aige mar caitheann sé obair ar son na n-athruithe atá ag titim amach. Bheinn buartha, dá mbeadh freagracht as an nGaeltacht tógtha amach as an Roinn ina bhfuil sé agus curtha sa Roinn nua, go mbeadh na daoine sa Roinn sin ag bainisitiú athruithe seachas ag déanamh obair eile. Níl an t-am againn anois chun é sin a dhéanamh. Caithfimid díriú ar an obair chuí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.