Dáil debates

Wednesday, 17 May 2017

Ceisteanna - Questions

Cabinet Committee Meetings

1:55 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá a fhios ag an Teachta go maith go bhfuil an coiste seo ag breathnú ar na nithe seo. Maidir leis an mbuiséad, beidh na díospóireachtaí ar siúl go luath i dtreo is go mbeidh buiséad curtha os comhair na Dála i mí Dheireadh Fómhair.

Tá a fhios ag an Teachta freisin gur foilsíodh plean do scoileanna Gaeltachta le déanaí don chéad uair ó bunaíodh an Stát. Cuireadh fáilte mhór roimh an bplean sin. Tá na scoileanna Gaeltachta ag breathnú ar céard gur chóir dóibh a dhéanamh chun buntáistí an phlean a bhaint amach agus ar conas is féidir leo gabháil leis na coinníollacha faoin bplean. Sílim gur mhaith an rud é sin. I mí Eanáir na bliana 2014, foilsíodh trí fhógra faoi Acht na Gaeilge i leith na limistéir seo a leanas: Ciarraí thiar, Cois Fharraige, agus Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. I mí an Mheithimh 2014, foilsíodh sé fhógra i leith na limistéar seo a leanas: Gaeltacht na nDéise, Ciarraí theas, An Cheathrú Rua, Ceantar na nOileán, Dún na nGall theas, agus Cloch Cheann Fhaola, Gort a' Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh. I mí Feabhra 2015, foilsíodh ceithre fhógra i leith na limistéir seo a leanas: Árainn Mhór, lár-Chonamara, Múscraí, agus Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh. I mí Mheán Fómhair 2015, foilsíodh cúig fhógra i leith na limistéir seo a leanas: tuaisceart Dhún na nGall, Oileán Thoraí, Oileáin Árann, Maigh Eo thuaidh, agus Ráth Chairn agus Baile Ghib. I mí Iúil na bliana 2016, foilsíodh cheithre fhógra i leith na limistéir seo a leanas: Oileán Chléire, Maigh Eo thiar, na Rosa agus Maigh Cuilinn. I mí na Samhna na bliana 2016, foilsíodh fógra i leith Gaeltacht an Láir i gContae Dhún na nGall. Tá sé i gceist go gcuirfear tús le hullmhúcháin na pleananna teanga idir seo agus deireadh na bliana sa trí limistéir Gaeltachta eile atá fágtha ag an bpointe seo. Tá súil agam go bhfeicfidh an Teachta go bhfuil próiseas cuimsitheach i gceist anseo. Aithníodh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh cur chuige céimneach i gceist chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. Foilsíodh na critéir pleanála teanga i mí Mheán Fómhair na bliana 2013 agus foilsíodh na treoirlínte pleanála teanga i mí Eanáir na bliana 2014. Is léir mar sin go raibh obair leanúnach ar siúl ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta chun raon leathan gníomhachtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm. Más rud é go bhfuil an tréimhse de dhá bhliain nó mar sin a ceadaíodh i leith gach aon cheann de na limistéir úd chun plean a ullmhú caite nó ag teacht chun deiridh, ag brath ar an gcás tá pleananna teanga i leith na limistéir Cois Fharraige, Gaoth Dobhair agus mar sin-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.