Dáil debates

Wednesday, 17 May 2017

Ceisteanna - Questions

Cabinet Committee Meetings

1:55 pm

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá go leor imní ann faoi pholasaí an Rialtais i dtaobh na Gaolainne. Sa daonáireamh is déanaí, bhí go leor ábhar imní ann freisin. Don chéad uair ó 1947, bhí laghdú ar líon na ndaoine le cumas acu sa Ghaolainn. Tar éis 70 bliain de fás - fás measartha, b'fhéidir - tá sé tagtha chun deiridh leis an Rialtas seo. Is dóigh liomsa go bhfuil faillí á dhéanamh ag an Rialtas maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá ocht mbliana de sin nach mór caite agus is beag dul chun cinn atá déanta. Fiú ó thaobh na Gaeltachta, agus is ábhar mór imní í sin, tá an méid daoine atá ag caint na Gaolainne go laethúil laghdaithe 11%.

Mar sin, tá gá le i bhfad níos mó infheistíocht. Nuair a bhíos ar bhord Fhoras na Gaeilge mé féin, chonac go raibh laghdú ar an mbuiséad a bhí ag Foras na Gaeilge fiú nuair a bhí méaduithe in eagraíocht eile. Tá brú suntasach fós ar an mbuiséad atá ansin. Cad faoin méid sa chlár Rialtais go mbeadh Aire sinsearach le freagrach lárnach do ghnóthaí Gaolainne agus Gaeltachta? Níl mórán dul chun cinn ansin. Tá gach freagracht á chur ar an Aire sóisearach. Cad atá an Taoiseach chun déanamh chun cinntiú go bhfuil an buiséad ceart agus leordhóthaineach ag na heagraíochtaí atá freagrach as an nGaolainn a chur chun cinn agus chun cinntiú go bhfuil an Ghaolainn ag lár straitéis agus polasaithe an Rialtais?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.