Dáil debates
Tuesday, 7 March 2017
Order of Business
3:20 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá an Príomh-Aoire anseo agus tá sí toilteanach níos mó ama a chur ar fáil. B'fhéidir gur chóir go mbeadh cruinniú ag an gCoiste Gnó arís chun an t-am atá leagtha amach a leathnú más mian leis an gcoiste go mbeadh cead ag na cúlbhinseoirí ráitis a dhéanamh sa díospóireacht. Tá an Príomh-Aoire toilteanach é sin a dhéanamh. Glacaim leis an rud a dúirt an Teachta. Ba chóir go mbeadh díriú ar conas na dualgais atá orthu siúd a bhfuil dualgais acu a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh sé sin lárnach sa díospóireacht.
No comments