Dáil debates
Tuesday, 7 March 2017
Order of Business
3:20 pm
Seán Ó Fearghaíl (Kildare South, Ceann Comhairle) | Oireachtas source
Chun rudaí a shoiléiriú, tháinig iarratas isteach ó bheirt chomhaltaí den Choiste Gnó ag lorg díospóireacht ar an ábhar tábhachtach seo. Cuireadh glaoch ar gach comhalta den Choiste Gnó ag iarraidh orthu an mbeidís sásta le díospóireacht maidin Déardaoin ar feadh dhá uair an chloig agus is é an freagra a fuaireamear ag an am ná go mbeidís sásta leis sin. Ní fheicim deacracht ar bith le tuilleadh ama a chur ar fáil.
No comments