Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

3:10 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

D'iarr muidne go mbeadh am leagtha ar leataobh an tseachtain seo sa dóigh is go dtig linn an cheist seo a phlé. Ó d'iarr an Teachta Ó Snodaigh an t-am sin, tá níos mó eolais curtha ar fáil don phobal sna meáin agus tá sé iontach tábhachtach go mbeadh níos mó am ar fáil fá choinne é seo a phlé. D'fhéadfaí na ceisteanna ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara a chur ar athló sa dóigh is go mbeadh níos mó ama ar fáil ansin. B'fhéidir gur féidir leis na páirtithe suí síos chun é seo a phlé. Seo ceann de na scannaill is mó atá feicthe ag an Stát seo agus, mar a dúirt mé leis an Taoiseach cheana féin, níl muidne sásta leis na téarmaí tagartha. Ní raibh muid sásta leo riamh. Caithfear é seo a phlé agus caithfear níos mó ná dhá uair a chloig a leagan ar leathaobh fá choinne é seo a dhéanamh. Iarraim go dtiocfadh na páirtithe le chéile chun amharc an féidir níos mó ama a bheith againn ar an Déardaoin fá choinne é seo a phlé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.