Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

Ceisteanna - Questions

Cabinet Committee Meetings

4:15 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Glacann beagnach chuile dhuine leis go bhfuil easpa pleanála agus infheistíochta i gceist le blianta beaga anuas ó thaobh cúrsaí infreastruchtúir na tíre seo. Cé go bhfuil roinnt pleananna foilsithe ag an Rialtas, níl iontu ach liostaí de tograí éagsúla. Níl aon straitéis ann do na rudaí is tábhachtaí i gcúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta na tíre seo. Cad iad na nithe is tábhachtaí ó thaobh infreastruchtúr de? Tá go leor ráite maidir le cúrsaí taighde, ach níl dóthain airgid curtha ar fáil le haghaidh infreastruchtúr taighde sa tír seo. De dheasca sin, tá gearrthacha á ndéanamh i gcónaí ar an méid áiseanna atá ar fáil do lucht taighde na tíre. I gcás fadhb na tithíochta, mar shampla, is léir dom anois go bhfuil an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus na údaráis áitiúla beagnach ar fud na tíre i gcoinne tithíocht shóisialta a thógáil. Is é sin an meon agus an fealsúnacht atá acu. Go bunúsach, the Department of Housing, Planning, Community and Local Government and local authorities in this country do not want to build council houses any more. It is time that the rhetoric stopped. We are hearing so much about social housing options and so forth but local authorities will not build council houses. It is a scandal in itself and a contributory factor to the current crisis. It is extraordinary to think that we are in the midst of the worst housing crisis in living memory and we cannot get council houses built despite all of the strategies and plans. Tá an rud ar fad dochreidte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.