Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

Ceisteanna - Questions

Cabinet Committee Meetings

4:15 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé ráite i gclár an Rialtais, atá beagnach bliain d'aois anois, go mbunóidh an Rialtas comhrá náisiúnta ar athrú aeráide, le comhairliúcháin phoiblí forleathan san áireamh. Ní fhaca mé aon trácht ar a leithéid de phróiseas ó shin. Bliain ina dhiadh an geallúint sin, cá bhfuil an bogadh? Cén uair a bheidh an comhairliúcháin sin, nó fiú an comhrá, tosnaithe? Ar an 1 Feabhra seo caite, léirigh an Coimisiún Eorpach i dtuairisc maidir le fuinneamh in-athnuaite nach sroichfidh an tír seo na spriocanna atá leagtha síos don Stát seo i gcomhthéacs na bliana 2020. Thug an Taoiseach geallúint don Oireachtas agus don phobal i gcoitinne go mbeadh an comhairliúcháin seo ar siúl. Cén uair a bheidh an gné sin de chlár an Rialtais tosnaithe agus - ina dhiaidh sin - críochnaithe? An mbeidh aon tionchar ag an bpróiseas comhairliúcháin ar an tuairisc atá curtha faoinár mbráid ag an gCoimisiún? Muna sroichfidh an Stát seo na spriocanna atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach agus an Coimisiún Eorpach, tá gach seans ann go ngearrfar fíneáil ar an Stát seo. Tiocfaidh a leithéid d'fhadhb anuas orainn i bhfad níos tapúla muna bhfuilimid ag caint faoi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.