Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

Ceisteanna - Questions

Economic Policy

3:45 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Níl an Teachta mí-cheart sa mhéad a dúirt sé. Dúirt mé go mbeadh comhairle nua curtha i bhfeidhm roimh dheireadh na míosa seo. Is éard atá i gceist ná go mbeidh teagmháil idir an Rialtas agus NESC chun comhairle a thabhairt dó ar an obair gur mhiste leis an Rialtas go ndéanfaidh sé. Chuir NESC tuarascálacha ar fáil faoi chúrsaí tithíochta agus easpa tithíochta, cúrsaí talmhaíochta agus comhairle seasmhach ó thaobh eacnamaíocht uisce nó aquaculture. Tá na tuarascálacha sin curtha ar fáil ag NESC.

Tá cuid den chlár Rialtais oiriúnach do anailís NESC ag éirí as atá ann. Is iad sin cúrsaí tithíochta, cúrsaí leathanbhanda, cúrsaí athrú climate agus cúrsaí pinsin. An aidhm ná go gcuirfidh NESC tuarascálacha ar fáil i leith cén sórt infheistíocht a bheidh ag teastáil agus cé as a thiocfadh sé ó thaobh chúrsaí oideachais de. Tá na príomh-nithe leagtha amach. Nuair a bheidh an comhairle nua curtha ar bun, beidh cead aige an obair ard-chaighdeánach a dhéanann sé a chur os comhair an Rialtais as sin amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.