Dáil debates

Tuesday, 7 March 2017

Ceisteanna - Questions

Economic Policy

3:45 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is fíor a rá le blianta beaga anuas nach bhfuil pleanáil straitéiseach le feiscint maidir le cúrsaí eacnamaíochta na tíre agus cúrsaí na hEorpa, mar shampla. Táim ag lorg páipéir báin anois faoin Eoraip. Cad é an polasaí atá againn maidir le todhchaí an Aontais Eorpaigh? Is tábhachtach an rud é nach bhfuaireamar aon pháipear seachas an ceann a bhaineann le cúrsaí sláinte. Ní raibh an Rialtas in ann é sin a chur i bhfeidhm. Is é sin an ceann a bhaineann le hárachas sa chóras sláinte. Ní raibh mórán ann.

Maidir le todhchaí eacnamaíochta na tíre seo agus na hábhair sóisialta is tábhachtaí atá romhainn, tá easpa anailíse cuimsitheach ann faoi láthair i mo thuairimse. Measaim go gcaithfidh an Taoiseach freagracht a thabhairt do NESC plean cuimsitheach a bhaineann le cúrsaí eacnamaíochta na tíre seo a chur le chéile go meán-téarmach agus go fad-téarmach do thodhchaí na tíre. Bhí páirtnéireacht sósialta ann i roinnt de na blianta sin agus bhí sé an-éifeachtach. Caithfimid é sin a admháil. Is léir anois nach bhfuil aon saghas struchtúir ann chun muintir gnó, na hoibrithe agus an pobal i gcoitinne a thabhairt le chéile. I mo thuairimse, tá sé in am dúinn machnamh a dhéanamh ar an gceist seo, ach laistigh de sin, freagracht a thabhairt do NESC plean cuimsitheach a chur le chéile do thodhchaí eacnamaíochta na tíre seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.