Dáil debates

Thursday, 20 October 2016

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Cistiúchán Roinne

2:50 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá suim bhreise de €2.25 milliún san iomlán curtha ar fáil i mbuiséad 2017 do chlár Gaeilge, Gaeltachta agus oileánda mo Roinne.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, bhí €1 milliún breise i maoiniú caipitil aonuaire faighte mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016. Tá sé seo coinnithe don bhliain seo chugainn, rud a chiallaíonn gurb é €6.687 milliún an bunlíne nua caipitil i mbuiséad 2017 d’Údarás na Gaeltachta, €1 milliún níos airde ná an bunlíne i mbuiséad 2016. Anuas ar sin, tá allúntas breise de €2.4 milliún i gcaipitil á chur ar fáil agam don údarás in 2016. Leanfaidh mé orm ag lorg maoiniú caipitil breise don údarás sa tréimhse amach romhainn.

Maidir le caiteachas reatha de, cuirfidh an tsuim bhreise de €1.25 milliún a bheidh ar fáil don Ghaeilge agus Ghaeltacht faoi bhuiséad 2017 ar chumas mo Roinne tuilleadh acmhainní a chur i dtreo na straitéise 20 bliain don Ghaeilge, an próiseas pleanála teanga, na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta ar nós scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge agus na grúpaí pobail atá á maoiniú ag Údarás na Gaeltachta.

Sna Meastacháin do 2017, a d’fhoilsigh an tAire Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe le deireanas, tá leithdháileadh de €46.736 milliún ina iomláine don chlár Gaeilge, Gaeltachta agus oileán i gcomparáid le €51.21 milliún do 2016. Den chuid is mó, baineann an difríocht sa dá fhigiúr le laghdú ar an leithdháileadh caipitil le haghaidh 2017. Bhí leithdháileadh de €6 milliún ar fáil in 2016 d’oibreacha forbartha ar ché Inis Oírr - nach raibh réidh le tosú i mbliana - ach is suim €2 milliún atá curtha ar fáil do 2017. Táim sásta gur leor an leithdháileadh sin chun an tionscadal a bhrú ar aghaidh in 2017 agus, ar ndóigh, beidh leithdháileadh eile ar fáil don tionscadal in 2018. Chomh maith leis sin, bhí soláthar caipitil de €1.9 milliún curtha ar fáil i Meastacháin 2016 chun ionad chultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc a fhorbairt. Beidh an togra sin críochnaithe i mbliana agus níl gá le soláthar a dhéanamh ina leith in 2017.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.