Dáil debates

Thursday, 13 October 2016

Topical Issue Debate

Scéim na gCúntóirí Teanga

5:00 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an ceart ag an Teachta Doherty go mbeadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh na scéimeanna seo fógartha níos luaithe ná mar a rinneadh sa chás seo. Aontáim leis an Teachta faoi sin. Tá an ceart ag an Teachta Gallagher gur fhógair mé na scoileanna sin ar an raidió. Mar a dúirt mé ina dhiaidh sin, ba cheart dom bheith níos cúramaí ó thaobh an ábhar seo as seo amach. Tá sé ráite liom ag na feidhmeannaigh sa Roinn go bhfuil sé i gceist na scoileanna seo a cheadú. Caithfear cinntiú a fháil ón Roinn Oideachais agus Scileanna gur scoileanna Gaeltachta iad agus go bhfuil siad ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Sílim nach mbeidh fadhb ar bith leis sin agus go mbeidh siad in ann dul ar aghaidh. Iarradh orm cén uair a bheidh an t-eolas seo curtha chuig Muintearas. Tuigim go bhfuil sé sin déanta, nó go bhfuil an litir ar an mbealach chun an scéal a shoiléiriú ó thaobh na scoileanna a bhí ar an liosta roimhe seo.

Mar a thuigfidh na Teachtaí go maith, is gá don Roinn agus do gach páirtí leasmhar a chinntiú i rith an ama go bhfuil an luach is fearr ar airgead á fháil againn mar a bhaineann sé le riaradh agus cur i bhfeidhm gach scéim, beartas agus tionscnamh a bhfuil airgead ón Státchiste á chur ar fáil ina leith. Níl aon difríocht sa chás seo. Mar atá ráite agam, tá scéim na gcúntóirí á riaradh le roinnt blianta thar ceann na Roinne ag dhá eagraíocht faoi Ieith a bhfuil taithí acu sa réimse forbartha pobail agus teanga. Tá obair mhaith déanta agus idir lámha faoi láthair ag an dá eagraíocht sin. Idir mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta, tá cúnamh maith curtha ar fáil dóibh cheana féin chun an clár oibre atá faoina gcúram a chur i bhfeidhm. Tá dualgas orainn féachaint chuige go bhfuil an infheistíocht shuntasach sin á bainistiú ar an gcaoi a chinntíonn go bhfuil an tairbhe is fearr a fháil don Ghaeilge agus do phobal na Gaeltachta. Ná déanaimis dearmad gurb é an cuspóir i gcónaí gach is féidir a dhéanamh lena chinntiú go dtacaíonn an scéim leis an nGaeilge a neartú mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht i gcomhréir le sprioc na straitéise 20 bliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.