Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements (Resumed)

 

2:50 pm

Photo of Carol NolanCarol Nolan (Offaly, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an deis labhairt faoin nGaeilge. De réir taighde a rinneadh chun polasaí don oideachas sa Ghaeltacht a chur le chéile, tá níos lú ná 1,000 cainteoirí dúchasacha sna bunscoileanna i gceantair Ghaeltachta. Tá níos lú ná 10% de dhéagóirí idir 15 bliana d'aois agus 18 mbliana d'aois ag baint úsáid as an nGaeilge ina saol laethúil. Tá laghdú ann maidir le húsáid na Gaeilge mar mheán teagaisc sna scoileanna Gaeltachta, ach is féidir leis na scoileanna seo ról fíorthábhachtach a ghlacadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Mhol an Rialtas deireanach polasaí maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn sna scoileanna Gaeltachta. Cuireadh fáilte roimh na hiarrachtaí a rinne na Ranna go léir ó thaobh polasaí a fhorbairt. Anuraidh, bhí sé ar intinn ag an Rialtas an polasaí oideachais Ghaeltachta a fhoilsiú ag deireadh na bliana. Níor tharla sé sin agus anois táimid den tuairim nach bhfoilseofar go dtí deireadh na bliana seo é. Cuirtear fáilte roimh gach uile iarracht a dhéanann an Rialtas polasaí oideachais a bhunú ach tá fíordhíomá ar mhuintir na Gaeltachta agus airimid go léir mar Theachtaí Dála i Sinn Féin nach bhfuil sé seo ag tarla sách tapaidh agus go bhfuil baol ann maidir le foilsiú an pholasaí seo. Tá súil agam go gcuirfear béim mhór ar an bpolasaí úd seo agus go ndéanfaidh an Rialtas seo gach uile iarracht an polasaí don oideachas sa Ghaeltacht a fhoilsiú agus é a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.

Tá gluaiseachtaí ar nós Conradh na Gaeilge ag déanamh an-obair ó thaobh na Gaeilge de agus tá siad go hiontach ó thaobh an teanga a chur chun cinn ach tá dualgas mór orainn go léir mar Theachtaí Dála ár dteanga a chur chun cinn freisin agus gach uile iarracht a dhéanamh ár dteanga dhúchasach a chosaint agus í a chosaint ar fud na tíre agus sna Gaeltachtaí go háirithe mar is cuid luachmhar den chultúr agus den oidhreacht í ár dteanga Ghaelach. Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais, "Tír gan teanga, tír gan anam". Tá sé suas dúinn anois gach uile rud a dhéanamh chun ár dteanga a chosaint.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.