Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements (Resumed)

 

2:50 pm

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis Gaeilge a úsáid agus ráiteas a dhéanamh in ár dteanga. Tá Sinn Féin ag lorg athbhunú na Gaeilge mar theanga bheo i ngach gné den saol. Táimid ag tacú leis na príomheagraíochta sna haidhmeanna atá acu an Ghaeilge a chur chun cinn, ní hamháin sna Gaeltachtaí ach sa tír ina hiomlán. Rinne an t-iar-Rialtas sna sé chontae is fiche an-damáiste leis an ngearradh siar do na heagraíochtaí Gaeilge, go háirithe san oideachas. Má táimid dáiríre faoin nGaeilge, ba mhaith le Sinn Féin Aire sinsearach a fheiceáil in a suí nó ina shuí ag bord an Rialtais, ar chomhchéim le gach Aire eile, ar son ár bpobal agus ár gcearta.

I mo cheantar féin, Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh, tá athbheochan mhór ar siúl i dtaca lenár dteanga agus lenár gcultúr. Tá sé le feiceáil sa mhéid Gaelscoileanna atá i mo cheantar agus san éileamh atá ann dóibh. Tá Gaelscoil Uí Earcáin i bhFionnghlas, Scoil Chaitríona i nDroim Chonrach, Gaelscoil Bhaile Munna agus Scoil an tSeachtar Laoch i mBaile Munna. Níl spás ar bith iontu agus tá liostaí fada feithimh acu. Ba mhaith linn ceathrú Gaeilge a fheiceáil i ngach baile sa tír, go háirithe i mBaile Munna, in aice le Cumann Báire Setanta agus Scoil an tSeachtar Laoch. Tá seanscoil fholamh ann agus talamh poiblí timpeall uirthi. Bheadh sé suimúil ceathrú fheicéail a bhíonn ag obair agus ag reachtáil gach rud trí Ghaeilge. Is mór an trua é nach bhfuil Teach Laighean ag taispeáint an tslí agus ag déanamh níos mó gnó trí Ghaeilge. Tá seans ann anois comhchoiste oideachais a chur ar siúl agus Acht láidir na Gaeilge a reachtú. Tá straitéis 20 bliain ann agus tá maoinithe sa bhreis de dhíth. De réir suirbhé i ndiaidh suirbhé, tá toil na ndaoine i bhfábhar tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Tá sé suas linn mar pholaiteoirí aon rud is féidir linn a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur cinn.

Mar a dúirt Pádraig Mac Piarais blianta ó shin, "Tír gan teanga, tír gan anam".

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.