Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

12:50 pm

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

De réir saineolaithe idirnáisiúnta, tá an Ghaeilge sa Ghaeltacht ag cúlu go tapaidh mar theanga laethúil an phobail. Go bunúsach, tá todhchaí na Gaeltachta i mbaol. Cad is Gaeltacht ann? An áit fisiciúil nó meon aigne í? Nó an bhfuil an dá rud fite fuaite lena chéile? Caithfear an cheist a chur ar gach Teachta Dála: cad é a bhfuil ar bun agat i do Dháilcheantar féin chun cás na teanga a chothú? Braitheann pobal na Gaeilge orainn uilig ceannaireacht a léiriú i dtaobh cearta agus seirbhísí teanga a chur chun cinn. Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta.

Is seoid náisiúnta luachmhar chultúrtha í an Ghaeltacht agus tá dualgas orainn uilig í a chosaint do na glúinte a thiocfaidh inár ndiaidh. Ní mór dúinn cuimhniú gurb é an difríocht idir Gaeilge phobail na Gaeltachta agus an Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ná gur slabhra neamhbhriste lenár sinsir Ceilteacha í teanga phobail na Gaeltachta. Síneann fréamhacha na teanga siar i bhfad roimh ré na Normannach, roimh ionsaí na Lochlannach, roimh ré na Críostaíochta agus fiú siar go dtí ré na miotaseolaíochta. Ach dealraítear go bhfuil meath le brath sa Ghaeltacht de dheasca easpa seirbhísí Gaeilge, easpa tacaíochta an Stáit agus bagairt an Bhéarla chuile áit. Is ceist phráinneach í an meath seo. Is é seo am an ghátair do chainteoirí dúchais.

De réir figiúirí dhaonáireamh 2011, cé go ndeireann 41.4% go bhfuil siad ina gcainteoirí Gaeilge, ní úsáideann ach 1.8% de dhaoine an Ghaeilge ar bhonn laethúil. Is é sin 77,185 duine. Faraor, níl ach duine as triúr dóibh siúd ina gcónaí sa Ghaeltacht. Is maith is eol dúinn go bhfuil athrú aeráide mar bhagairt ar an timpeallacht agus go bhfuil an timpeallacht i mbaol. Mar an gcéanna, dearbhaíonn an Comhaontas Glas go bhfuil todhchaí na Gaeltachta i mbaol. Tá géarghá le haghaidh plean éigeandála tarrthála gan a thuilleadh moille.

Obair in aisce a bheidh sa Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge gan infheistíocht chuimsitheach i seirbhisí tacaíochta do theaghlaigh agus seirbhísí don óige. Caithfear tús áite a thabhairt do na ceantair Gaeltachta ina bhfuil an lámh in uachtar ag an teanga mar theanga an phobail. Is riachtanas é ó thaobh saibhreas na teanga canúintí nádúrtha traidisiúnta na Gaeltachta a chaomhnú don todhchaí, maraon leis an gcaighdeán oifigiúil. Is riachtanas é ard-chaighdeán Gaeilge a bheith ag ábhar oidí agus múinteoirí ó thaobh sealbhú teanga. Ach, i roinnt ceantair faoi láthair, tá saibhreas na Gaeilge á chailliúint mar thoradh ar thionchar an Bhéarla agus easpa seirbhísí tacaíochta Gaeilge.

Is údar imní é nach bhfuil Roinn Rialtais freagrach as tithíocht sa Ghaeltacht, rud a chinnteoidh cosaint na teanga. Caithfear dul i ngleic le cúrsaí tithíochta agus tacú leis na teaghlaigh atá ag déanamh a seacht ndícheall ár dteanga agus ár n-oidhreacht a chaomhnú agus a chothú. Tá frustrachas ar phobal na Gaeltachta. Tá dualgas orainne, mar pholaiteoirí i nDáil Éireann, cluas éisteachta a thabhairt do lucht na Gaeltachta iad fein agus dá gcuid éilimh ar mhaithe le stádas na Gaeilge a neartú.

Ba chóir don Rialtas a chinntiú go mbunófar an lár-ionad náisiúnta don oideachas i mBaile Bhuirne atá geallta le fada an lá. Ba chóir cúramaí Údarás na Gaeltachta a leathnú ón tionsclú go dtí cúramaí sóisialta, cultúrtha agus teanga. Is féidir linn foghlaim ó thaithí mhuintir na Breataine Bige agus muintir na hAlban agus bonn reachtúil a bheith againn maidir le cur i bhfeidhim straitéis náisiunta, Gaeltachta agus áitiúla.

1 o’clock

Má táimid dáiríre faoi Acht na dTeangacha Oifigiula, caithfear cearta Gaeilge a neartú seachas iad a mhaolú agus a laghdú. Molann an Comhaontas Glas go mbunófar aonad na Gaeilge i Roinn an Taoisigh chun a chinntiú go gcuirfear an tAcht seo i bhfeidhm i ngach eagraíocht Stáit agus i ngach Roinn.

In ainneoin meath na Gaeltachta, is cosúil go bhfuil fás agus forbairt ag teacht ar líon na nGaelscoileanna ó cheann ceann na tíre. Tá 305 bunscoil ar an oileán seo againne: 126 sa Ghaeltacht, 144 lasmuigh den Ghaeltacht agus 35 sna Sé Chontae. Ag eascairt as an dearcadh dearfach seo, caithfear géarchéim na Gaeltachta a phlé agus réiteach a fháil ar na dúshláin. Is fúinne atá sé mar pholaiteoirí tacaíocht a thabhairt don chainteoir óg dúchais nach bhfuil sa mhóramh a thuilleadh agus sealbhú na teanga a chinntiú. Dar le Áine Ní Neachtain, comhbhunaitheoir Tuismitheoirí na Gaeltachta, "In áit an foghlaimeoir a bheith báite i measc na gcainteoirí dúchais mar a bhíodh is é a mhalairt atá ag tarlú sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann". Is fúinne uilig atá sé sa Teach seo brú a chur ar Airí tearmainn teanga a chothú do theaghlaigh Gaeltachta agus maoinú a thabhairt dóibh ionas go mbeidh rath ar shealbhú teanga dá bpáistí agus don fhoghlaimeoir sa mhórthimpeall feasta.

Creideann an Comhaontas Glas go mba chóir cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga le cinntiú gur Gaeilge chruinn cheart a bheidh ar chomharthaí poiblí agus comharthaí bóthair, ní amháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre. Maidir leis na meáin chumarsáide, tá éacht déanta ag Raidió na Gaeltachta, RTE agus ag TG4 le 20 bliain anuas, maraon le craoltóirí príobháideach feasta. Tá ardmholadh tuillte ag na craoltóirí uilig as na sárchláracha a rinneadh don chomóradh 1916. Molaim TG4 as an duais IFTA a bhronnadh ar an gclár "An Klondike". Mar pháirtí uile-oileánda, molaimid BBC Tuaisceart Éireann feasta agus táthar ag súil le breis cláracha Gaeilge uathu amach anseo. Ní féidir a shéanadh ach go spreagann craoltóirí, filí, lucht léinn agus coláistí samhraidh fís don todhchaí agus níl aon dabht faoi ach go mairfidh an teanga.

Ní mhairfidh saol na Gaeltachta má leanaimid ag tabhairt an chluais bhodhair ar na deacrachtaí áfach. Is acmhainn leochaileach leonta í an Ghaeltacht ar ghá í a chosaint agus a chur ar aghaidh go slán do na glúnta atá le teacht. Thuig Lady Augusta Gregory tábhacht an bhéaloidis agus canúint Chonamara go maith agus bhí tionchar nach mór ag an miotaseolaíocht seo ar an réabhlóid chultúrtha 100 bliain ó shin. Mar an gcéanna, 100 bliain ó shin, thuig lucht léinn na hEorpa, ar nós Kuno Meyer agusCarl Marstrander, an tseoid uasal ársa a raibh ar an dé deiridh sna Blascaoid maraon le Robin Flower, George Thomson agus E.M. Forster. Muna ndéanaimid beart de réir ár mbriathar sa Teach seo, agus má ligimid ár maidí le sruth maidir le tábhacht na Gaeltachta, beimid uilig ciontach as slad a dhéanamh ar anam agus ar chuisle an náisiúin seo.

I bhfocail an Phiarsaigh;

Mór mo ghlóir:

Mé do rug Cú Chulainn Cróga.

Mór mo náire:

Mo chlann féin a dhíol a máthair.

Mar fhocail scoir, tá todhchaí na Gaeltachta faoi chlóca dubh. Suan ná séan, ní bhfaighidh sí choíche, gan tacaíocht an Stáit seo, láithreach bonn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.