Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

12:30 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ní nach ionadh go bhfuil inmharthanacht na Gaeilge i mbaol. Tá muid sa Dáil agus níl Aire sinsearach le Gaeilge anseo ná baol uirthi í a fhoghlaim. Níl Aire sóisearach ach an oiread agus tá óráid againn ón Aire Airgeadais agus is masla é i ndáiríre do lucht na Gaeilge na sé leathanach seo. Níl iarracht ar bith déanta anailís a dhéanamh ar stádas na Gaeilge nó straitéis na Gaeilge. Ní fiú tráithnín é bheith ag liú straitéis na Gaeilge gan acmhainn chuí a chur ar fáil. Níl aon trácht ar sin chor ar bith. Níl aon iarracht an straitéis a chur i gcomhthéacs. Eascraíonn an straitéis sin díreach as an Bhunreacht agus an stádas faoi leith atá ag an nGaeilge sa Bhunreacht. Eascraíonn an document agus an cáipéis seo as na 13 cuspóir a leagadh síos siar in 2006. Anois 2016. Ar ndóigh, foilsíodh an straitéis seo in 2010 agus níl anailís ar bith déanta in óráid an Aire Airgeadais maidir leis an straitéis sin nó cad tá ag teastáil. Aontaím le rud amháin atá scríte ag an Aire sna sé leathanach atá aige agus sin mar fhocal scoir. Deir sé, "tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an phobal." Cinnte tá, ach tá ról ag an Rialtas agus tiocfaidh mé ar ais go dtí an ról sin.

Is linne go léir an Ghaeilge agus níl amhras ar bith ach go bhfuil dualgas orainn go léir í a úsáid agus í a chur chun cinn. Ar ndóigh, áfach, tá deacrachtaí éagsúla ag dul leis an ndualgas seo ag brath ar chumas Ghaeilge an duine. Do dhuine amháin, is éacht é "Dia duit" nó "Slán" nó "Go raibh maith agat" a rá. Ach do dhuine eile, le sealbhú níos fearr ar an nGaeilge, tá dualgas níos tromchúisí ag dul leis an gcumas sin. Ní mór don chainteoir sin chuile sheans a thapadh an Ghaeilge a úsáid agus seirbhísí trí Ghaeilge a éileamh ón Stát.

Chomh maith lenár ndualgais agus ár n-iarrachtaí aonair, áfach, tá freagracht faoi leith ar aon Rialtas, agus go háirithe an Rialtas seo, ár dteanga dhúchas a chur chun cinn i bhfianaise, ar an gcéad dul síos, cé chomh báúil agus atá pobal na tíre don teanga. Mar shampla, tá sé soiléir ó shuirbhé a rinneadh le déanaí go dtacaíonn breis agus 93% den daonra le hathbheochan nó caomhnú na Gaeilge. Ar an dara dul síos, tá an méid Teachtaí Dála nua-tofa - faraor nach bhfuil siad sa Seomra faoi láthair - agus, de réir mar a thuigim, móramh na Dála atá taobh thiar den Ghaeilge. Ar an tríú dul síos, agus níos tabhachtaí fós, tá an taighde uilig a chuireann in iúl go bhfuil géarchéim ann maidir le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail agus mar thenaga theaghlaigh sa Ghaeltacht. Ta sé thar a bheith soiléir nach bhfuil an dara rogha ag aon Rialtas, ach go háirithe an Rialtas seo, má tá sé i ndáiríre faoin Ghaeilge a choinneáil martheanga bheo, bhríomhar agus mar theanga chumarsáide, achbeart a dhéanamh go práinneach.

Sa chomhthéacs seo, níl drogall ar bith orm mo thacaíocht a thabhairt don chás le haghaidh maoinithe bhreise a chur ar fáil maidir le hinfheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht agus brú a chur agus a choinneáil ar an Rialtas seo é a dhéanamh.

Níl ach €18 milliún - sin an méid - á lorg ag na heagraíochtaí a tháinig le chéile ar son na cúise. Is iad sin Foras na Gaeilge, eagraíocht a fheidhmíonn ar fud an oileáin, agus Údaras na Gaeltachta. I bhfianaise na ndea-thorthaí agus na mbuntáistí a bheadh ann ó thaobh an gheilleagair de, ó thaobh na bpost nua a bheadh gceist, agus de bharr go bhfuil an figiúr seo €5 milliún níos lú ná an buiséad €45 milliún a bhí ann i 2008, bheadh sé náireach amach is amach gan an t-airgead seo a chur ar fáil dóibh. Go deimhin, tá cás iontach soiléir déanta amach acu agus ní mór don Aire agus don Aire sóisearach, cuma cé hé nó hí - ar ndóigh, tá sé níos rúnda ná an tríú rún Fatima cé hí nó cé hé - an cháipéis seo a léamh agus an t-airgead seo a chur ar fáil.

Go sonrach, luann an cháipéis deich gcúis le tacú leis an éileamh do mhaoiniú breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá mé chun an deich gcúis sin a léamh amach. Tá tacaíocht an-laidir don Ghaeilge i measc an phobail i gcoitinne. Tá sé sin ráite ag a lán cainteoirí inniu. Ní mór deiseanna an teanga a úsáid a chur ar fáil don phobal. Tá an pobal ar aon intinn gur chóir tacaíocht bhreise a chur ar fáil.

Tá an leibhéal maoinithe atá á lorg acu €5 milliún níos ísle ná an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2008. Is ionann an maoiniú breise atá á lorg acu ó dheas agus níos lú ná 1% den airgead breise a cheadaigh an Rialtais i gcáinaisnéis 2016. Is ionann an maoiniú breise atá á lorg acu ó thuaidh agus 0.43% den airgead breise geallta mar chuid de Chomhaontú Stormont i 2015. Nuair a laghdaíodh buiséid an Fhorais agus an Údaráis, cuireadh cúramaí breise ar an dá eagraíochtaí ag an am céanna agus níos lú airgead acu na cúramaí sin a chomhlíonadh. Is é seo an chéad chomhiarratas riamh ó na húdaráis agus ón bpobal. Cuireann sé sin in iúl cé chomh tábhachtach is atá sé an t-airgead seo a thabhairt do na heagrachtaí. Tá géarchéim i gceist.

Chruthófar breis is 1,160 post leis an maoiniú atá á lorg. Is mór an trua nach bhfuil an tAire Airgeadais fós sa seomra chun é sin a chloisteáil. Is mór an trua nach bhfuil sé anseo chun an cháipéis seo a fheiceáil dar teideal "Buntáistí geilleagracha na Gaeilge a fheictear i gCathair na Gaillimhe agus i nGaeltacht na Gaillimhe". Tá a fhios ag an Iar-Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh, go bhfuil €136 milliún i gceist - is é sin a luach - do chathair na Gaillimhe agus don chontae.

Tá tosaíocht á lorg ag na heagraíochtaí don Ghaeilge, go háirithe sa bhliain seo agus muid i mbun ceiliúradh i 1916. Ba chóir aitheantas a thabhairt don ról ar leith a bhí ag an nGaeilge i gcuid mhaith de na heachtraí a tharla céad bliain ó shin. Chomh maith le sin, deirtear linn go mbeidh comóradh speisialta ann i 2018 chun tús athbheochan na Gaeilge a chomóradh. Ba chóir, mar sin, na scéimeanna agus na tionscadail a bheartaítear sa cháipéis seo a chur i bhfeidhm i 2016 le cinntiú go dtabharfar spreagadh ar leith don Ghaeilge faoin mbliain 2018 ag an leibhéal áitiúil go mór mór. Agus mé ag caint faoi spreagadh, ní mór don Dáil seo an Ghaeilge a úsáid chun spreagadh a thabhairt do na daoine atá timpeall na tíre ag éisteacht linn agus ag déanamh a ndícheall le beagán Gaeilge í a úsáid. Tá dualgas orainne eiseamlár a thabhairt dóibh agus a rá leo go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach.

Tá gá le ceannaireacht ag an mbord Rialtais má táimid i ndáiríre faoin dteanga. Tá gá le hAire sinsearach le Gaeilge agus tá gá le Aire sóisearach don Ghaeilge agus Gaeilge aige nó aici. Gan dabht, beidh tábhacht faoi leith ag baint leis an gcomhchoiste Dála ó thaobh na Gaeilge de. Mar a dúirt mé cheana, ní fiú tráithnín an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge gan acmhainní cuí a chur ar fáil. Má táimid i ndáirire faoin nGaeilge, caithfimid beart a dhéanamh. Ní féidir leanúint ar aghaidh le hAire sinsearach gan Ghaeilge agus gan Aire sóisearach. Mar a duirt mé, tá sé cosúil leis an tríú rún Fatima cé hé nó cé hí. Tá sé thar am beart a dhéanamh le cur in iúl do mhuintir na tíre go bhfuilimid i ndáiríre faoin dteanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.