Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

12:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom mo fhíor-díomá a chur in iúl i dtaobh eolais a fuair mé inniu. Tuigim nach bhfuil dualgaisí na Roinne nua - an Roinn Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta - socraithe go fóill. Tar éis dúinn 70 lá a chaitheamh ag fanacht ar Rialtas, is léir go gcaithfimid fanacht le haghaidh ocht seachtaine eile chun sonraí na hábhair agus na dualgais a bheidh i gceist sa Roinn nua a fháil amach. Tuigim freisin nach mbeidh foireann iomlán na Roinne curtha i bhfeidhm ar feadh ocht seachtaine eile, rud a chiallaíonn nach mbeidh an Roinn seo iomlán eagraithe roimh bhriseadh na Dála le haghaidh an tsamhraidh. Mar sin, ní bheidh an Roinn in ann feidhmiú i gceart go dtí mí Mheán Fómhair seo chugainn, ní bheidh coiste na Roinne in ann feidhmiú i gceart go dtí mí Mheán Fómhair seo chugainn agus ní bheimid, mar Theachtaí Dála, in ann ceisteanna parlaiminte a chur chuig an Roinn go dtí mí Mheán Fómhair seo chugainn. Tá aon rud a bhaineann le forbairt réigiúnach, le gnóthaí tuaithe, leis na healaíona agus leis an nGaeltacht curtha ar ceal le haghaidh ocht seachtaine, ar a laghad, gan trácht ar an mbriseadh le haghaidh an tsamhraidh. Ciallaíonn sé sin nach mbeimid in ann oibriú leis an Roinn seo go dtí sé mhí tar éis an olltoghchán. Tá sé sin dochreidte.

Is masla é don Ghaeilge nach bhfuil an tAire, an Teachta Heather Humphreys, i láthair. Nuair a bhí mé ag caint léi inné faoin díospóireacht seo, dúirt mé go raibh mé ag tnúth lena feiceáil anseo. Nuair a ainmníodh an Teachta McHugh mar Aire Stáit sa Rialtas deireanach, dúirt an tAire, an Teachta Heather Humphreys, go raibh sí chun an Ghaeilge a fhoglaim ach, de réir dealramh, níl an teanga foghlamtha aici fós. Taispeánann sé sin an méid tábhacht a thugann an tAire agus an Rialtas don Ghaeilge. Seolann sé teachtaireacht ollmhór do mhuintir na Gaeltachta. Má breathnaímid ar an ainm atá ar an Roinn anois - an Roinn Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta - is léir dúinn go bhfuil an Ghaeltacht curtha ag deireadh an liosta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.