Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

11:50 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Sin deireadh seafóideach le ráiteas seafóideach sa Dáil ar maidin. Bhí a fhios ag daoine go raibh deich nóiméad againn. B'shin ceann de na ráitis is faide a chualamar riamh sa Dáil agus níl mórán de léite ar chor ar bith. Measaim gur féidir an dearcadh atá ag an Rialtas i leith na Gaeilge a bhaint amach ón tslí atá sé ag riaradh na díospóireachta seo. Níl Aire Gaeltachta anseo gur féidir labhairt ar son an Rialtais. Tá Aire Gaeltachta againn, ar ndóigh, ach níl sí anseo. Níl sí ar fáil.

Tá a fhios againn go ndearna an t-iar-Aire Stáit, an Teachta Joe McHugh, an-iarracht Gaeilge a fhoghlaim. Bhí mise ag agóid, in éineacht le mo chomhghleacaithe, nuair a cheapadh é, ach níl aon dabht ach gur fhoghlaim sé a lán Gaeilge agus é ina Aire Stáit. Níl an tAire, an Teachta Heather Humphreys, anseo. An ndearna sise iarracht aon dul chun cinn a dhéanamh lena cuid Gaeilge féin? Níl sí anseo, cé gurb í an tAire le freagracht maidir leis an ábhar seo. Tá díomá ormsa maidir leis sin agus measaim, i gcead don Aire Airgeadais, go bhfuil a lán gnóthaí eile le déanamh aige maidir le stiúradh na tíre seo, stiúradh an chórais airgeadais agus an Roinn Airgeadais. Sin é dearcadh Fhine Gael maidir leis an nGaeilge. Is dearcadh seafóideach é nach ligeann don teanga dul chun cinn a dhéanamh agus a rinne an-damáiste don teanga agus do lucht labhartha na Gaeilge i rith a thréimhse sa Rialtas. Caithfear stop a chur leis seo agus caithfear níos mó measa a bheith ag an Rialtas ar an nGaeilge, níos mó úsáide a bhaint aisti agus níos mó iarrachta a dhéanamh dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an nGaeilge.

Cuireann Fianna Fáil an-tábhacht ar an nGaeilge ó thús na Poblachta seo agus ó Éirí Amach na Cásca, mar a luaigh an tAire. Bhí an Ghaeilge mar phríomhthréith den sórt tíre a bhí á h-iarraidh ó na poblachtánaigh ansin agus ó na saoránaigh anois. Tháinig sé sin ó na daoine a thosaigh an Stát seo. Tá an Ghaeilge in áit an-dainséarach agus an-bhaolach faoi láthair. Níl aon dabht faoi sin. Feictear go bhfuil an Ghaeltacht i dtrioblóid ar fud na tíre. Tá ag éirí go maith le Gaelscoileanna agus tá a lan daoine ag teacht amach astu siúd le Gaeilge, ach mura ndéanann an Rialtas iarracht dul chun cinn a dhéanamh agus cabhrú le daoine Gaeilge a úsáid sa Ghaeltacht agus í a úsáid nuair atá siad ag iarraidh an teanga a labhairt, rachfaidh stádas na Gaeilge i ndonas go tapaidh arís.

Tá gealltanas san aontas a rinneamar le Fine Gael chun infheistíocht sa teanga a ardú. Cheapamar gurb é an rud is tábhachtaí ná go gceapfar Aire Gaeilge agus Gaeltachta. I ndáiríre, níl Aire ann faoi láthair. Bhí Aire Gaeltachta, oidhreachta agus cultúir againn agus anois tá Aire againn atá freagrach as cúrsaí tuaithe agus as gach uile rud - as an nGaeltacht, as cúrsaí ealaíon agus as cúrsaí oidhreachta. Is sórt downgrading é don Roinn sin agus don Aireacht sin. Níl sé sin ceart. Arís feicim dearcadh an Rialtais maidir leis an nGaeilge sa chaoi gur riar sé na Ranna sin.

Maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an bhfochoiste atá ag athrú cúrsaí Dála agus an tslí ina ndéanann muid ár obair - tá cruinniú ar siúl ag 12.15 p.m. maidir leis sin - tá sé aontaithe ag an bhfochoiste sin go mbeadh coiste na Gaeilge ann sa Dáil seo. Beidh sé sin an-tábhachtach ar fad. Measaim go dtabharfaidh sé sin deis dúinn dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an nGaeilge sa Dáil seo ach go háirithe - is féidir linn a lán rudaí a dhéanamh sa Dáil seo ach caithfidh tionchar a bheith againn ar fud na tíre. Má thaispeánann muidne meas ar an nGaeilge sa Dáil seo, scaipfear an meas sin ar fud na tíre agus b'fhéidir gur féidir linn dearcadh difriúil a bheith againn sa tír maidir leis an nGaeilge. Caithfimidne a bheith mar eiseamláir sa Dáil seo den chaoi gur féidir linn an Ghaeilge a chur chun cinn.

Maidir le cúrsaí Dála agus cúrsaí Rialtais, caithfear níos mó airgid agus níos mó infheistíochta a chur isteach i bhForas na Gaeilge agus in Údarás na Gaeltachta. Táimidne ag iarraidh €3 milliún sa bhreis a infheistiú i gcur i bhfeidhm straitéis na Gaeilge agus €3 milliún eile a infheistiú i gcaiteachas reatha do na tionscnaimh atá ag Údarás na Gaeltachta. Tá sé sin an-tábhachtach. Déanann Údarás na Gaeilge - más féidir leis agus má tá na hacmhainní aige - an-jab ag cur fostaíocht ar fáil i gceantair Ghaeltachta ach freisin caithfidh mé a rá go bhfuil gnóthaí ag teacht isteach i gceantair Ghaeltachta atá ag fáil tacaíochta ón údarás agus uaireanta níl Gaeilge ar fáil sa mhonarcha. Tá sampla i gceist agam ach nílim chun é a lua ar thaifead na Dála. Muna bhfuil na monarchana sin nó na gnóthaí sin ag scaipeadh na Gaeilge iad féin trí bheith ag úsáid na Gaeilge agus a bheith soiléir go bhfuil siad sa Ghaeltacht agus gur gnó atá cabhartha ag Údarás na Gaeltachta atá ann, déanfaidh sé sin damáiste don Ghaeilge freisin.

Táimidne i bhFianna Fáil ag tabhairt lántacaíocht d'Oifig an Choimisinéara Teanga. Caithfimid neamhspleáchas an Choimisinéara a chosaint.

12 o’clock

Ba mhaith linn reachtaíocht a chur tríd na Dála seo chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú ionas go mbeidh éifeachtacht níos fearr ag reachtaíocht teanga na tíre seo.

Tá sé an-tábhachtach ar fad go leanann an Ghaeilge ar aghaidh mar chroílár an teastais shóisearaigh agus na hardteistiméireachta. Tá sé sin mar bhunphrionsabal ag ár bpáirtí maidir leis an oideachas agus an Ghaeilge. Bhí an tuiscint sin faoi bhagairt roimhe seo, ach measaim nach bhfuil an dainséar sin ann faoi láthair. Ag an am céanna, ba cheart dúinn a chinntiú ní hamháin go bhfuil Gaeilge ag daoine, i ndáiríre, nuair a thagann siad amach as an gcóras oideachais, ach freisin go bhfuil deiseanna acu an Ghaeilge atá acu a labhairt agus fostaíocht nó tuilleadh oideachais a fháil trí mhéan na Gaeilge.

Tá mé an-bhródúil a rá go raibh mé páirteach i mbunú Gaelscoil an Bhradáin Feasa i mBaile Uí Mhornáin. Tá an scoil seo i mo cheantar féin i gContae na Mí. Mar aon leis sin, tá meánscoil i mBaile Brigín ag freastal anois ar an gceantar uilig - deisceart Chontae Lú, oirthear Chontae na Mí agus tuaisceart Chontae Átha Cliath. Tá sé an-tábhachtach go bhfuil a leithéid de scoileanna ann leis an nGaeilge a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht.

Táimid ag iarraidh an teanga a chur chun cinn ag leibhéal an Aontais Eorpaigh freisin. Tá an Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach, ach níl sórt cothromas ag an nGaeilge leis na teangacha eile. Caithfear athruithe a dhéanamh maidir leis sin. I ndáiríre, caithfear dearcadh an Rialtais maidir leis an ábhar seo a athrú. Is féidir leis an Rialtas na hathruithe seo a thiomáint.

Is féidir linn a lán rudaí éagsúla a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge. Léigh mé leabhar faoi theangacha uilig na hEorpa le déanaí. Tugadh le tuiscint sa leabhar sin go mb'fhéidir go bhfuil Gaeltacht na hÉireann ag fáil báis faoi láthair, agus Gaelscoileanna na hÉireann ag dul chun cinn ag an am céanna. Nílim ag rá go bhfuil an ráiteas sin fíor, ach tá píosa beag fírinne ar a laghad ag baint leis. Cé go bhfuil áthas orm go pearsanta go bhfuil Gaeilge líofa ag mo pháistí - níl duine amháin acu ach cúig bliana d'aois - agus ag a lán páistí eile atá ag freastal ar Ghaelscoilenna ar fud na tíre, tuigim go bhfuil dáinséar ann go bhfuil an Ghaeilge dúchasach a thagann ón teach imithe i laige. Tá a lán oibre le déanamh ag an Rialtas ionas go mbeidh a mhalairt de threocht i gceist.

Tá mé ag impí ar an Rialtas a dearcadh maidir leis an nGaeilge a athrú agus Aire a bhfuil Gaeilge aige nó aici a chur in oifig. Ba cheart go dtiocfadh a leithéid de Aire isteach anseo chun éisteacht lenár díospóireachtaí. Ba cheart go mbeadh níos mó measa ag an Rialtas ar ár dteanga seo. Is féidir cúpla focal a rá anseo is ansiúd, mar shampla le linn comóradh na bliana 1916, ach i ndáiríre caithfimid an teanga seo a choimeád. Ba cheart dúinn go léir meas a léiriú don Ghaeilge, go háirithe sa Dáil. Ba chóir dúinn an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh de na díospóireachtaí a tharlaíonn anseo maidir leis an teanga, mar shampla i rith Seachtain na Gaeilge. Caithfear an Ghaeilge a úsáid ag uaireanta eile. Nuair a bhí mé i mo Sheanadóir, bhí díospóireachtaí againn i nGaeilge ó am go ham nuair a bhí Aire nó Aire Stáit líofa ar fáil. Is cuimhin liom díospóireacht a bhí againn maidir le costais séarachais agus cigireacht séarachais. Bhí mé féin agus mo chomhghleacaí, an Seanadóir Brian Ó Domhnaill, chomh maith leis an Seanadóir Ó Clochartaigh agus Seanadóir nó dhó ó Fhine Gael, in ann díospóireacht a bheith againn trí mheán na Gaeilge ós rud é go raibh an Teachta O'Dowd, a bhí mar Aire Stáit ag an am, sa Seanad le haghaidh Céim an Choiste. Ba cheart go mbeadh níos mó díospóireachtaí mar sin againn. Tá daoine fostaithe anseo chun aistriúcháin a dhéanamh. Tá a fhios agam go mbeidís lánsásta an jab sin a dhéanamh. Muna féidir linn é sin a dhéanamh, beidh sórt tokenism againn. Caithfimid dul níos faide ná sin.

Tá brón orm a rá go mbeidh mé ag fágáil an Tí chun freastal a dhéanamh ar an bhfochoiste ar Dáil reform.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.