Dáil debates

Wednesday, 18 May 2016

An Teanga Gaeilge: Statements

 

11:40 am

Photo of Michael NoonanMichael Noonan (Limerick City, Fine Gael) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis Iabhairt faoin nGaeilge sa Dáil. Tá sé tráthúil go bhfuil an deis seo againn, tráth a bhfuil Rialtas nua ag dul i mbun oibre agus clár Rialtais cuimsitheach le cur i bhfeidhm. Tá spriocanna sonracha leagtha síos sa chlár sin maidir le forfheidhmhiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta, páistí a spreagadh chun freastal ar réamhscoileanna lán-Ghaeilge nó na naíonraí sa Ghaeltacht, aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh, céimeanna cuí a thógáil chun deireadh a chur Ieis an maolú agus infheistíocht sa Ghaeilge a mhéadú.

Tá sé tráthúil freisin an díospóireacht seo a bheith againn agus comóradh Éirí Amach na Cásca 1916 fós faoi lánsheol. Cuireann sé an-áthas orm mar sin go bhfuil áit lárnach ag an nGaeilge mar a bhaineann sé le Éire 2016, an cIár comóradh céad bliain. Faoi An Teanga Bheo – snáithe Gaeilge an chláir chomórtha tá clár ilghnéitheach imeachtaí agus tionscnaimh curtha le chéile chun an Ghaeilge a cheiliúradh mar ghné bhríomhar agus lárnach dár bhféiniúlacht, dár n-oidhreacht, dár stair agus dár gcultúr. Mar chuid den chlár, tá clár digitithe, acmhainní foghlama ar líne, léachtaí, díospóireachtaí, seimineáir, imeachtaí ealaíne agus comhpháirtíocht leis na meáin chumarsáide.

Is ar bhonn páirtnéireachta atá An Teanga Bheo tógtha - comhpháirtíocht idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá i mbun comhordaithe air, agus na heagraíochtaí éagsúla atá rannpháirteach ann, idir eagraíochtaí Stáit, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta, institiúidí tríú leibhéal agus grúpaí pobail.

Mar a dúirt mé, tá forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge áirithe go sonrach mar sprioc i gclár an Rialtais rannpháirtíoch nua. Aithnímid a thábhachtaí agus atá an Ghaeilge mar chuid shainiúil dár n-oidhreacht agus dár gcultúr. Chuige sin, tá an Rialtas tiomanta do chur i bhfeidhm na Straitéise chun go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge sa saol Iaethúil agus go mbeidh áit níos feiceálaí ag an teanga i sochaí an lae inniu.

Bhí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge cúig bliana ar an bhfód ag deireadh na bliana anuraidh. Sa chomhthéacs sin, d’eagraigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta díospóireacht oscailte ar pholasaithe na Straitéise. Ba í an aidhm a bhí Ieis an díospóireacht oscailte ná breathnú siar ar an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas agus breathnú chun tosaigh ar na tosaíochtaí faoin Straitéis don tréimhse chúig bliana atá romhainn. Ag eascairt as an bpróiseas comhairliúcháin a bhí ar bun mar chuid den díospóireacht oscailte, táthar ag súil na príomhthosaíochtaí straitéiseacha don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh a aithint agus a fhoilsiú. Ní miste dom a mheabhrú chomh maith gur fhoilsigh na Ranna Rialtais go léir tuarascáil faoin méid atá bainte amach faoin Straitéis le cúig bliana anuas i mí na Nollag 2015. Níl aon dabht ann ach go Iéiríonn na tuarascálacha sin go bhfuil dúshraith mhaith leagtha síos ar féidir tógáil air don tréimhse chúig bliana atá romhainn.

Tá cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 i gcroílár chur i bhfeidhm na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge. Trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ar leibhéal an phobail, tabharfar an deis faoin bpróiseas do gach pobal sa Ghaeltacht, bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge a bheith ag an roth stiúrtha mar a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge ar leibhéal an phobail fud fad na Gaeltachta.

Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le cur i bhfeidhm an phróisis go dtí seo. Tá allúntas €400,000 curtha ar fáil i mbliana do Údarás na Gaeltachta chun cabhrú leis na heagraíochtaí atá roghnaithe sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta lena gcuid pleananna teanga a ullmhú. Is ionann sin agus ardú 100% thar an allúntas a bhí curtha ar fáil anuraidh nó in 2014, go deimhin.

As an 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta atá aitheanta faoin Acht, tá tús curtha le hullmhú pleananna teanga in 18 díobh agus é i gceist go ndéanfaidh an tÚdarás dul chun cinn suntasach maidir le tús a chur leis an bpróiseas san ocht limistéar pleanála eile idir seo agus deireadh na bliana. Tá eagrán uasdátaithe de na treoirlínte pleanála teanga,a d'fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i dtús báire in 2014, curtha ar fáil. San eagrán nua seo, tugtar cur síos ar an gcóras faisnéise geografaí, atá forbartha agus curtha ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le gairid, mar áis bhreise tacaíochta do na heagraíochtaí atá agus a bheidh i mbun pleananna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm faoin bpróiseas. Ina theannta sin ar fad beidh an tÚdarás agus Foras na Gaeilge, de réir mar a bhaineann sé leo, ag dul i mbun oibre ar an talamh go luath chun tús a chur leis an bpróiseas mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta. Chun tabhairt faoi seo ar bhonn céimneach, tá sé i gceist go ndíreofar i dtús báire ar Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis agus cathair na Gaillimhe. Lena chois sin, tá tús curtha ag Foras na Gaeilge leis an bpróiseas mar a bhaineann sé le líonraí Gaeilge, is é sin ceantair a bhfuil bunmhais chriticiúil bainte amach acu maidir le tacaíocht pobail agus Stáit don Ghaeilge.

Bunaíodh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlaigh sa Ghaeltacht a mhealladh chun Ióistín a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí le go mbeadh na foghlaimeoirí ag cur fúthu le teaghlaigh Gaeltachta a labhraíonn Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus go mbeadh deis ag na foghlaimeoirí dul i dtaithí ar bhlas agus ar líofacht nádúrtha na teanga. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an scéim seo chomh láidir inniu agus a bhí sí riamh. Is eiseamláir den turasóireacht chultúrtha iad na coláisti Gaeilge mar cuireann siad le saol sóisialta agus eacnamaíoch na Gaeltachta ar bhealach a thugann ardú stádais don Ghaeilge mar acmhainn luachmhar ar leith. Tá breis agus 600 teaghlach Gaeltachta cláraithe faoin scéim seo anois.

Tá sé mar bhunaidhm ag na coláistí Gaeilge cur le cumas labhartha Gaeilge na bhfoghlaimeoirí ar bhealach spraoiúil, taobh amuigh agus taobh istigh den seomra ranga, ag díriú ar na scileanna go léir - labhairt, cluastuiscint, scríobh agus léamhthuiscint - a mhúineadh. Treisíonn na coláistí na scileanna teanga trí ghrá nó suim sa teanga a spreagadh sna daltaí. Tugtar deis an teanga a chleachtadh i gcomhthéacs ina bhfuil na daltaí ag baint sult as imeachtaí na siamsaíochta. Leagtar béim mhór chomh maith ar chothú na féinmhuiníne. Is léir ón tuarascáil, Tionchar na gColáistí Gaeilge ar an teanga agus ar phobal na Gaeltachta, a réitigh lonad na dTeangacha in OlIscoil na hÉireann Má Nuad don Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, go bhfuil obair den scoth á dhéanamh ag na coláistí, obair atá ar ardchaighdeán a spreagann daoine óga Ie filleadh ar an nGaeltacht. Rinne 21,509 foghlaimeoirí freastal ar choláistí sa Ghaeltacht i 2014 ar chostas €3.445 milliún don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.