Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

An Bille um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Votáil Uachtaráin) 2014: An Dara Céim [Private Members] - Thirty-fourth Amendment of the Constitution (Presidential Voting) Bill 2014: Second Stage [Private Members]

 

6:50 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is Bille rí-thábhachtach é an Bille seo atá os ár gcomhair. Ní é seo an chéim deireannach, ach an chéad céim má tá sé i gceist againn dul ar aghaidh agus leanúint leis na cinntí seo. Ní hamháin go mbeidh muid ag lorg vóta i dtoghcháin uachtaránachta, beidh muid ag lorg vótaí i reifrinn ginearálta chomh maith. Más saoránach duine, is saoránach i gcónaí é, cuma más sa tír seo é nó thar lear.

Is trua liom an meon atá á léiriú ag roinnt de na Teachtaí ar thaobh an Rialtais maidir leis an mBille seo. Tá cineál choimeádachais i gceist i measc na páirtithe bunaidh i leith saoránach.

Tá eagla orthu céim chun tosaigh a ghlacadh. Ní sin amháin ach tá an cuma ar an scéal go bhfuil siad ag féachaint ar shaoránaigh nach bhfuil sa Stát seo mar shaoránaigh den tarna grád agus is rud scanallach é sin. Ní gá ach féachaint ar an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit, an Teachta Nash, agus é ag caint faoin mBille seo níos luaithe. Dúirt sé that we must decide which citizens should be entitled to vote. Is saoránach saoránach agus ba chóir go mbeadh na cearta céanna acu. Dúirt an tAire Stáit chomh maith gur 70 milliún duine atá i gceist agus sinn ag caint faoi diaspora na hÉireann. Dúirt sé go mbeadh fadhbanna phracticiúla ann. Ní 70 milliún an líon saoránaigh atá thar lear mar ní shaoránach gach duine acusan. B'fhéidir go mbeadh siad i dteideal saorántacht but b'fhéidir nach bhfuil sé sin á lorg acu agus nach bhfuil pas eisithe dóibh go fóill. Tá súil agam, amach anseo, go mbeadh siad. Ansan ba léir don domhan cé chomh láidir is atá Éire agus na daoine seo thar lear.

Ní raibh mé ag súil le haon rud eile ó Pháirtí an Lucht Oibre nó na páirtithe eile. Is iadsan na páirtithe a dhíbir saoránaigh na hÉireann thar lear agus ar imirce. I gcás Fine Gael, nuair Cumann na nGaedhael a bhí ann, dhíbir siad daoine toisc gurb poblachtánaigh iad. Dhein siad neamhaird dóibh thar na blianta. Ó bunaíodh an Stát, dhein siad neamhaird do shaoránaigh Éireannacha sna Sé Contaetha ach go háirithe. Dá mbeadh an meon atá acu athruithe, thuigfeadh siad go bhfuil tairbhe le baint as saoránaigh atá thar lear. Dá mbeadh meas acu orthu, thuigfeadh siad, idir ghlas agus oráiste, gur saoránaigh iad. Bheadh siad tar éis eagrú sna Sé Contaetha, ach ba chuma sa tioc leo. Níl spéis ar bith acu i saoránaigh sna Sé Contaetha ach amháin nuair a shíleann siad gur féidir leo iad a n-úsáid i gcoinne mo pháirtí. Sin atá á dhéanamh acu le blianta anuas.

Ba léir ó na hóráidí a rinne na hAirí Stáit, an Teachta Nash agus an Teachta Deenihan, nach tioc leo a lán de. Bhí siad ag teacht suas le constaicí maidir le cén fáth nach bhfuil siad sásta bogadh ar aghaidh. Ní raibh ach ceisteanna acu. Bliain go leith nó breis is bliain go leith atá ann ó chuir an coinbhinsiún tuairisc fénár mbráid. Dúradh go raibh 78% dóibh siúd a bhí ag an gcoinbhinsiún i bhfábhar leathadh an vóta do shaoránaigh lasmuigh d'Éireann agus 73% dóibh i gcás saoránaigh sna Sé Contaetha. Tá tacaíocht dá sin le feiscint sna pobalbhreitheanna a bhí ann roimhe sin agus ina dhiaidh. Cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag obair de réir an chinneadh a ghlac an coinbhinsiún nó ag obair de réir na pobalbhreitheanna? Cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag cur chun cinn an méid ndúirt seisean agus páirtithe eile ina gcláir thoghcáin, ní amháin an toghchán seo ach roimhe sin. Is é an fáth ná, i slí amháin, gur cuma sa tioc leo. Is féidir leo na ráitéis a dhéanamh agus ansan ní gá dóibh aon obair a dhéanamh maidir leo.

Tá muideanna ag rá gur gá ní amháin an Bille seo a rith ach gur gá an obair eile ar fad a bheith déanta ag an am céanna. Níl muideanna ag tnúth go mbeidh toghchán ann ar maidin agus go mbeidh gach rud ceart sa ghairdín. Caithfimid cinnte phraicticiúla a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh an díospóireacht sin ag tarlú. Ní amháin sin ach ba chóir go mbeadh sé tairlithe. Ní chóir dúinn bheith ag tosnú leis agus an díospóireacht seo agus í á húsáid mar constaic i gcoinne an reachtaíocht seo a rith chomh tapaidh agus is féidir. Tá deis againn i mí na Bealtaine, más mian leis an Rialtas é a dhéanamh. Measaim féin nach mian leis an Rialtas é. Cuirfear ar athló é. Fanfaidh sé sa choiste go dtí pé am a chríochnaíonn an Dáil seo agus fágfar é, mar is spéis leis an Taoiseach é, don chéad Rialtas eile. Is trua í sin mar tá an deis ann. Tá tacaíocht ann sa Teach seo, sa tSeanad, go fios dom, agus i measc an phobail, i gcoitinne, chun bogadh ar aghaidh leis an gceist seo. Maidir leis na ceisteanna phraicticiúla a luadh, chuaigh gach uile Stát eile a bhfuil vóta thar lear dá shaoránaigh i ngleic leis na ceisteanna phraicticiúla seo. Tá 150 tír timpeall an domhain a thugann vóta dá shaoranaigh atá thar lear tríd bealach amháin nó bealach eile. Tá roinnt de na tíortha seo níos mó ná Éireann agus tá roinnt eile acu níos lú. Aontaím go mbeidh ceisteanna maoine ann. Ach ní hí sin an cheist is mó. Consnaíonn daonflathas airgead. Má táthar sásta tacú leis an daonfhlathas, caithfear an t-airgead a chur ar leathtaobh chun vóta a thabairt agus an deis vótála a thabhairt do shaoránaigh uilig an náisiúin. Is trua í nach bhfuilimid ach ag caint faoi sin faoi láthair.

Fáiltím go bhfuil an Rialtas tar éis glacadh le seo ach impím air bogadh ar aghaidh gan meon an Aire Stáit, an Teachta Nash. Ní chóir don Rialtas bheith cóiméadach. Ní chóir don Rialtas bheith ag lorg fáil amach constaicí eile chun cur i gcoinne é seo.

Caithfimid féachaint ar an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit maidir le vótaí sna Sé Contaetha. An leithscéal a d'úsáid sé maidir le sin ná the vote in the Six Counties presents significant practical challenges. Tá sé seo scanallach. Dúirt sé that for many it would be a sensitive issue agus nach chóir aon rud a dhéanamh because of political sensitivities. Is Éireannaigh iad. Is saoránaigh iad. Tá sé de cheart acu, agus ba chóir go mbeadh sé de cheart acu, vóta a chaitheamh, ar a laghad i dtoghchán uachtarántachta. Tá súil agam nach bhfuil an Rialtas ag glacadh le seo just toisc go mbeadh náire air thar lear agus go mbeadh sé ag dul ar chamchuairt timpeall an domhain an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn agus é tar éis vóta a chaitheamh i gcoinne é seo. Tá súil agam go bhfuilim mí-cheart maidir le sin agus go bhfuil sé dáiríre faoin gcinneadh a ghlac sé agus go bhfuil sé chun leanúint agus bogadh ar aghaidh leis an gcinneadh os ár gcomhair anseo. Dúirt urlabhraithe na páirtithe ar fad go raibh siadsan sásta é seo a bhogadh ar aghaidh, agus ní anuraidh agus ní ag an gCoinbhinsiún Bhunreachtúil ach le linn an toghchán deiridh a dúradh é seo.

Ba chóir don Rialtas seas leis an ngeallúint a thug sé do phobal na tíre in 2011. Ba chóir don Rialtas beart a dhéanamh de réir a bhriathar. Is é seo an beart. Ní amháin ligint dó dul go dtí an coiste. Ba chóir go mbeadh sé á phlé sa choiste chomh tapaidh agus is féidir. Then déileáil leis na ceisteanna phraicticiúla. Tá daoine eile tar éis déileáil leo cheana agus tá moltaí ag daoine tar éis achainí a chur isteach os comhair na páirtithe difriúla thar na blianta. Is féidir é a dhéanamh agus is féidir é a dhéanamh cuíosach gasta. Tá ambasáid againn timpeall an domhain agus áiteanna nach bhfuil, bíonn muid ag roinnt seirbhísí ambasadóireachta. Fiú, níl an chóras poist chomh dona sin. Ní leithscéal é sin. Nuair a smaoinítear air, nuair atá vóta ann don Seanad, cad a tharlaíonn? Bíonn vóta poist ar fáil. Mas céimí duine in Argentina, Malawi, nó pé áit eile ar domhain ina bhfuil an duine sin gafa, tá sé ceart go leor. Níl fadhb ar bith. Is féidir leis an duine sin vóta a chaitheamh don Seanad. Níl aon fhadhb ann maidir le seo fé láthair. Tá vótaí ar fáil do shaoránaigh Éireannacha áirithe atá thar lear cheana féin. Níl sé ann don ghnáthphobail agus don ghnáthshaoránach. Impím ar an Rialtas, mar sin, bogadh ar aghaidh. Ba chóir don Rialtas beart de réir a bhriathar a dhéanamh. Ní chóir don Rialtas bheith diúltach faoi seo mar a bhí na hAirí Stáit, na Teachtaí Nash agus Deenihan, níos luaithe. Ba chóir don Rialtas a bheith fuinniúil agus é seo á chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.