Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

An Bille um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Votáil Uachtaráin) 2014: An Dara Céim [Private Members] - Thirty-fourth Amendment of the Constitution (Presidential Voting) Bill 2014: Second Stage [Private Members]

 

6:50 pm

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ár gcóras polaitiúil ag teip ar na daoine is laige. Tá sé le feiceáil go bhfuil sé ag seasamh ar thaobh na daoine is saibhre inár sochaí. Feileann eisimirce an córas seo agus sin an fáth nach bhfuil an Rialtas toilteanach vóta a thabhairt d'aon duine lasmuigh den tír i dtoghchán uachtaráin. Tá sé scanallach nach bhfuil Éireannaigh thar sáile ábalta vótáil le haghaidh uachtarán. Freisin, an rud is mó a chuireann náire orainn ná nach bhfuil ár ndaoine sna Sé Contae ábalta vótáil inár dtír.

Tá an ceart ag gach duine inár sochaí páirt a ghlacadh in aon phróiseas vótála atá ar siúl sa tír agus tá an chumhacht acu rialtas a vótáil isteach nó amach más mian leo. Gan amhras, thaisteal muid bóthar fada, ach níl ár dturas críochnaithe. Tá daoine soiniciúil i dtaobh na polaitíochta agus braon de na bréaga a gcloiseann siad nuair atá toghchán ar siúl, agus ina dhiaidh. Féach, mar shampla, ar Pháirtí an Lucht Oibre agus an damáiste atá déanta mar thoradh ar na gealltanais a thug sé chun an toghchán deireannach a buachan.

Tá sé tábhachtach don daonlathas go nglacann daoine páirt i ngach gné den tsochaí in ionad a bheith ag tarraingt siar ó institiúdí an Stáit. Tá dream mór den daonra, go háirithe in gceantair bhochta ag diúltiú vótála mar nach bhfeiceann siad aon tairbhe leis dóibh. Ní fheiceann siad aon rud i ndán dóibh sa saol seachtas streachailt agus bochtanas. Tuigeann siad go bhfuil gach duine agus gach páirtí mar an gcéanna. Tá polasaithe déine ag cur isteach ar dhaoine, go háirithe daoine ar phá íseal nó meán agus daoine ar sochar leasa shóisialta. Níl aon stair againn sa tír seo airgead a lorg ó na daoine is saibhre. Níl aon fhís ag an Rialtas ach cumhacht agus uaillmhian.

Séard atá á iarradh ag an mBille seo ná ceart ag gach duine ceangailte don tír seo páirt a ghlacadh i reifreann. Tá ár saoránaigh ag feitheamh; tabhair seans dóibh. Tá Oifig an Uachtaráin siombalach seachas tábhachtach, ach tá sé raidiceach sa tslí go dtugann sé guth do dhaoine nach bhfuil guth acu. Ó 2007 go dtí an lá atá inniu ann, d'fhág beagnach 500,000 saoránaigh an tír seo. Tá siad scaipthe ar fud an domhain. I ndeireadh na dála, d'fhág daoine an tír seo go drogallach. Tá croíthe an cuid is mó acu sa tír seo. Tabhair seans dóibh vótáil lena gcroíthe sin. Tá vótáil le haghaidh uachtarán tuillte acu. Is céim mhór í seo. Tabhair tacaíocht dúinn agus don Bhille seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.