Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

12:35 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Ó thaobh cúrsaí sláinte de, tá a fhios ag an Teachta go bhfuil scéim leagtha amach ag an Rialtas chun córas amháin sláinte a bheith againn i dtreo is nach mbeadh brú ar dhuine glacadh le cúrsaí sláinte mar gheall ar an méid airgid atá acu. Tá sé ráite ag an Aire go bhfuil obair á dhéanamh ar an gcóras sin ach nach dtabharfar isteach é chomh luath agus a gheall an Rialtas ar dtús. Admhaíodh sin go poiblí cúpla uair cheana. Tá neart le déanamh roimh tabhairt isteach an chórais sin.

Maidir leis an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil, tá obair á dhéanamh aige ar chíosanna faoi láthair agus sílim go ndéanfaidh sé ráiteas poiblí faoi nuair a chuirfidh sé a mholtaí os comhair an Rialtais. Déanfar é sin faoi cheann cúpla seachtain. Tá an scéal a luaigh an Teachta Ó Fearghaíl uafásach ar fad. Tharla sé i gContae Lú, i ndáilcheantar an Teachta Mac Ádhaimh. Ba chóir dó labhairt amach faoi tithe sábháilte.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.