Dáil debates

Wednesday, 11 March 2015

12:35 pm

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá dhá cheist agam don Taoiseach. Baineann mo chéad ceist leis an gclár Rialtas agus sláinte go háirithe. Sa bhliain 2011 gheall Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre go mbeadh córas sláinte againn a bheadh bunaithe ar riachtanas amháin, seachas ar airgead. Níor tharla sé seo. Tá éigeandáil sna ranna éigeandála. Níl aon acmhainní ann agus tá na dochtúirí féin ag rá an méid seo leis an Taoiseach go poiblí. Cathain a chomhlíonfaidh an Taoiseach agus a Rialtas an gealltanas tábhachtach seo?

Gheall an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil an tseachtain seo caite go dtabharfadh sé reachtaíocht isteach chun cíosanna arda san earnáil príobháideach a smachtú le haghaidh dhá bhliain agus chun tabhairt faoi na harduithe cíosa. Cathain a foilseofar an reachtaíocht seo? An mbeidh sé mar dlí roimh an gcéad olltoghchán eile?

Táim cinnte go ndeachaigh scéal Paudie McGahon go mór i bhfeidhm ar gach duine a bhí ag breathnú ar aréir. Dúirt an Teachta Ó Fearghaíl go raibh "cover up" ann le Sinn Féin. Ní raibh ar chor ar bith. Dúirt an Taoiseach go mbeadh ceisteanna le freagairt ag Sinn Féin. D'fhreagair mé na ceisteanna seo. Táim fíorchinnte go raibh baill Fhianna Fáil tríd na cúirteanna, agus daoine ó Fhine Gael fosta. Is é sin an fhírinne. Táimid fíorshásta nach raibh aon duine a dhein an drochúsáid ghnéasach ar Paudie á dhéanamh i m'ainmse, in ainm Shinn Féin nó in ainm na bpoblachtach. Má tá eolas ag éinne ar bith - faic ar bith, scéal ar bith ag dinnéar ar bith - caithfidh siad an eolas sin a thabhairt don Gharda Síochána nó do na póilíní sa Tuaisceart. Níor fhreagair an Taoiseach faic ar bith le Máirtín Mac Aonghusa an Taoiseach faoi scéim a chur ar aghaidh chun taca a thabhairt do na daoine seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.