Dáil debates

Tuesday, 9 December 2014

Ceisteanna - Questions (Resumed) - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

9:05 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, rinneadh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i gcomhréir leis an ghealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2011-2016. Mar thoradh ar an athbhreithniú sin, d'fhoilsigh mo Roinn cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 i mí Aibreáin seo a chuaigh thart. Déantar foráil i gceann a sé den Bhille beartaithe go gcuirfear fo-alt nua isteach san Acht chun na poist i gcomhlachtaí poiblí a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag gabháil leo a shonrú i scéimeanna teanga. Eascraíonn an leasú sin as cinneadh Rialtais an 30 Deireadh Fómhair 2013 i ndáil le deireadh a chur le marcanna bónais a bhronnadh as oilteacht Ghaeilge in earcaíocht agus comórtais ardaithe céime na Státseirbhíse agus córas nua bunaithe ar inniúlacht a chur ina áit. Is í an aidhm atá leis an chóras nua ná an líon d'oifigigh le Gaeilge sa Státseirbhís a mhéadú. Ina theannta sin, ní miste a nótáil go sonrófar i bpleananna fórsa oibre Ranna agus oifigí Rialtais amach anseo na poist-réimsí oibre ina mbeidh gá le baill foirne atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúla. Ag féachaint do chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, iarrtar ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó ag freastal ar na ceantair sin.

Tuigtear dom go bhfuil sé i gceist triail a bhaint as na socruithe nua earcaíochta sa chomórtas d’Oifigigh Cléireachais atá ar siúl faoi láthair ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé beartaithe go mbunófar fo-phainéal d'oifigigh le Gaeilge, a dhéanfaidh suas céatadán suas le 6% den phainéal foriomlán d'Oifigigh Cléireachais. Ní mór do na hiarrthóirí a cheapfar ón phainéal seo a bheith in ann raon iomlán seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Ní miste a chur in iúl chomh maith go n-éilítear ar chomhlachtaí poiblí, de réir alt 13(d) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus scéimeanna teanga á n-ullmhú acu, a chinntiú go gcomhlíontar na riachtanais Ghaeilge faoi leith a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.