Dáil debates

Wednesday, 16 July 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Quesitons

An Teanga Gaeilge

10:00 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Cinnte, tá cleachtadh de dhíth orm. I am prepared to put in the work in this job as in any job. I have already stated that I must do a refresher course and am prepared to do it. This is about ensuring the job is done correctly. I will do it to be best of my ability.

Tá sé ráite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil an-tábhacht leis an Ghaeilge a chur ar aghaidh mar theanga bheo laistigh den teaghlach agus idir na glúine. Is é an cur chuige atá ag mo Roinn ná creatlach thacaíochta a chruthú trína bhféadfar an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach nádúrtha laistigh de líonta tí agus de phobail.

Is é aidhm an chláir tacaíochta teaghlaigh an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an straitéis. Mar chuid den chlár, tá pacáiste tacaíochta ar fáil ar iarratas ó mo Roinn do thuismitheoirí ina bhfuil físeáin, leabhair agus dlúthdhioscaí atá oiriúnach do pháistí. Go nuige seo, tá 2,340 pacáiste dáilte ar theaghlaigh éagsúla.

Os rud é gurb iad na blianta tosaigh i saol an pháiste na blianta is tábhachtaí maidir le sealbhú agus saibhriú teanga, fógraíodh scéim úr i mí an Mhárta 2014 chun tacú le naíolanna agus naíonraí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Faoin scéim seirbhísí réamhscoile agus iarscoile, tá deontais faoi leith ar fiú €335,700 in iomlán iad thar thréimhse trí bliana ceadaithe do ocht gcinn de sheirbhísí réamhscoile sa Ghaeltacht. Ina theannta sin, tá deontas suas le €120,000 in iomlán thar thréimhse trí bliana ceadaithe don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta le cumasú dóibh forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ní miste a rá go bhfuil mo Roinn ag cur tacaíocht leanúnach ar fáil do bhearta éagsúla a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do theaghlaigh, ina measc scéim na gcúntóirí teanga, faoina bhfuil cúntóirí teanga fostaithe i mbunscoileanna Gaeltachta chun cabhrú le páistí an Ghaeilge a shealbhú agus a shaibhriú; scéim na gcampaí samhraidh, a chuireann deiseanna foghlama agus spraoi trí mheán na Gaeilge ar fáil d'aos óg na Gaeltachta le linn an tsamhraidh; agus scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, a thacaíonn le córas na gcoláistí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ar ndóigh, cuireann mo Roinn maoiniú suntasach ar fáil fosta d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge, a thacaíonn leis an Ghaeilge a sheachadadh ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.