Dáil debates

Wednesday, 16 July 2014

Ceisteanna - Questions - Priority Quesitons

An Teanga Gaeilge

10:00 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leis an Aire agus leis an Aire Stáit, ach, faraor, caithfidh mé a rá nach féidir liom sin a dhéanamh mar go bhfuil sé dochreidte nach bhfuil Gaeilge fheidhmeach acu, cé go bhfuil dualgas i leith na Gaeilge ar an Roinn.

Mar is eol don Aire Stáit, tá na saineolaithe tar éis a rá nach bhfuil ach 800 páistí sa Ghaeltacht anois le Gaeilge ó dhúchas. Tá práinn uafásach maidir leis an nGaeilge sa Ghaeltacht faoi láthair. Tá an tír ar fad ag iarraidh a fháil amach cad atá an Rialtas chun déanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.