Dáil debates
Thursday, 10 April 2014
Other Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
10:35 am
Brendan Howlin (Wexford, Labour) | Oireachtas source
Tá. Aontaím leis an Teachta. Ba chóir go mbeadh sé ar chumas saoránach ar bith a gnó nó a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leis nó léi, cibé Roinn atá i gceist. Tá mé sásta go bhfuil sé ar chumas muintir mo Roinne a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge más gá.
No comments