Dáil debates
Thursday, 10 April 2014
Other Questions
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
10:35 am
Joe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source
Is é seo an rud is bunúsaí. Nuair a theastaíonn ó mhuintir na Gaeltachta, nó lucht labhartha na Gaeilge in aon áit sa tír, a gcuid gnó a dhéanamh leis an tseirbhís phoiblí trí Ghaeilge, ba cheart go mbeadh duine éigin ann chun labhairt leo ar an bpointe. Ní chóir go mbeidís ag feitheamh le duine éigin glaoch a chur orthu an lá ina dhiaidh sin. Is é sin an rud is tábhachtaí agus is praiticiúla. An bhfuil go leor daoine sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i láthair na huaire chun labhairt - ar an bpointe - leo siúd a chuireann glaoch ar an Roinn agus a theastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge? An bhfuil an cheist sin soiléir?
No comments