Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements (Resumed)

 

12:50 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba cheart breathnú ar an bpictiúr mór ar lá mar seo. Ba cheart dúinn plé a dhéanamh ar thábhacht na Gaeilge sa tsochaí mar acmhainn náisiúnta. Ní hamháin go bhfuil an acmhainn seo tábhachtach in Éirinn - tá tábhacht leis an nGaeilge go domhanda. Níl sé i gceist agam dul isteach sa straitéis go mion inniu. B'fhéidir gur cheart dom "an easpa straitéise" a rá. Beidh lá eile san fhochoiste Dála amach anseo le sin a dhéanamh. Tá sé molta agam arís agus arís eile gur cheart dúinn an straitéis a chíoradh ó líne go líne. An bhfuil an straitéis á cur i bhfeidhm? Muna bhfuil, cén fáth? Tá leithscéalta airgid tugtha, cé nach bhfuil aon chostas ag baint le go leor de na nithe sa straitéis nach bhfuil á gcur i bhfeidhm. Is dóigh liom, mar a dúirt mé, gur cheart dúinn breathnú ar an bpictiúr mór agus ceisteanna áirithe a chur orainn féin. An bhfuil an Ghaeilge tábhachtach sa tsochaí in Éirinn? An bhfuil tábhacht ag baint léi mar chuid den oidhreacht náisiúnta? Creidim go bhfuil. De réir gach suirbhé dá bhfuil ann, creideann formhór an phobail, ina measc iad siúd nach labhraíonn, nach léann nó fiú nach dtuigeann an Ghaeilge go bhfuil an teanga tábhachtach. Más fiú rud, is fiú cúpla punt a chaitheamh air.

Bíonn caint i gcónaí ar chúrsaí eacnamaíochta agus níl aon amhras ach go bhfuil eacnamaíocht thar a bheith tábhachtach. Ní féidir le daoine maireachtáil gan airgead. Is féidir go leor a dhéanamh chun cúrsaí an phobail a fheabhsú trí dhéanamh cinnte de go bhfuil saibhreas na tíre roinnte níos chothromaí ar dhaoine agus idir dhaoine. Dearmad an-mhór é a bheith ag ceapadh nach bhfuil aon luach nó nach bhfuil aon rud a chuireann le caighdeán beatha ach airgead agus cúrsaí eacnamaíochta. Ba dheacair a shamhlú sa lá atá inniu ann go gcreidfeadh éinne nach bhfuil tábhacht leis an gcomhshaol nádúrtha. Ba dheacair a shamhlú go bhfuil éinne ann nach gcreideann go bhfuil tábhacht ag baint leis an oidhreacht thógtha atá againn, ag dul siar don tseanaimsir agus foirgnimh atá caomhnaithe anois a tógadh 350 bliain ó shin.

Nach aisteach go minic go bhfuil sé deacair do dhaoine glacadh leis gurb í an teanga an oidhreacht ba luachmhara. Oidhreacht na hintinne atá i gceist anseo. Tá stair breis is 2,000 bliain i gceist leis an teanga. Tá go leor den saibhreas cultúrtha tugtha isteach sa Bhéarla, ach é a athscríobh ón Ghaeilge. Tá logainmneacha na tíre ar fad athscríbthe beagnach. Nuair atá duine nó grúpa ag moladh go gcaithfidh €3 milliún nó €4 milliún sa bhreis ar an teanga in aghaidh na bliana, deirtear leo nach bhfuil an méid sin ann. Caithfimid é seo a chur i gcomhthéacs. Caitheann an Stát €53 billiún gach bliain. Seo an comhthéacs don €3 milliún nó €4 milliún a chaitheamh ar rud atá thar a bheith tábhachtach agus thar a bheith luachmhar. Dá ndéarfá le duine nárbh fhiú €3 milliún nó €4 milliún a chaitheamh ar rud atá thar a bheith tábhachtach, bheidís ag gáire fút. Mar sin, is dóigh liom gur cheart dúinn a thuiscint an méid a dúradh sa staidéir teangeolaíochta, is é sin nach bhfuil baol ar bith ar an nGaeilge bás a fháil de thairbhe, buíochas le Dia, an méid oibre le chéad bhliain anuas. Tá daoine ar fud na cruinne le heolas maith acu ar an nGaeilge. Ach tá brú ar an nGaeilge sa Ghaeltacht, agus tá sin ar eolas ag an Aire. Ar bhealach is míorúilt é go bhfuil an Ghaeilge fiú chomh folláin sa Ghaeltacht agus atá sí. Thug mé figiúirí don choiste maidir le staid na Gaeilge ag tús na 1950s.

Tá sé ráite ag na saineolaithe go bhfuil contúirt ann nach mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga in aon phobal mura ghníomh a dhéanamh anois. Tá an gníomh seo ag teastáil go práinneach agus ní féidir é a chur ar an méar fhada.

Ó thaobh na heacnamaíochta de, is fiú an infheistíocht a dhéanamh. Molaim an Rialtas as na hAirí, atá scaipthe ar fud na cruinne, a chur thar lear. Níor thuig mé riamh an cáineadh a fuaireamar nuair a bhíomar ar an taobh eile den Teach nuair a chuaigh Airí thar sáile ag obair go dian dícheallach ar son na tíre agus ag déanamh ionadaíocht ar son muintir na hÉireann. Níl aon amhras orm is iad ar fud na cruinne go mbeidh siad ag iarraidh marc trádála na hÉireann a chur ina luí ar na daoine a bhuaileann siad leo. Beidh siad ag iarraidh taispeáint gur náisiún faoi leith muid. Beidh siad ag iarraidh saintréithe an náisiún a chur in iúl, gur phobal faoi leith muid. Bhí mé ann go minic nuair a rinneadh a leithead. Siombail na hÉireann – an brat, an tseamróg, an ceol, an damhsa – a bheadh á n-úsáid. Tugann na rudaí seo tuiscint ar an bpobal a bhfuil ag dul i bhfad siar. Seo a dhéanann Enterprise Ireland agus Bord Bia atá ag díriú ar an eacnamaíocht. An rud eile a úsáideann siad mar shiombail ná an teanga. Tuigeann lucht margaíochta go bhfuil coincheap ag daoine maidir le muintir na hÉireann mar phobal ar leith, mar náisiúin faoi leith agus mar ghrúpa faoi leith. Mar sin, mura bhfuil muid sásta an infheistíocht a dhéanamh maidir leis an teanga, ní hamháin go gcaillfimid an leanúnachas a théann siar 2,000 bliain de phobal a bhí an Ghaeilge mar ghnáth teanga acu ach, aisteach go leor, beimid ag déanamh dochair don eacnamaíocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.