Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements (Resumed)

 

12:50 pm

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Cavan-Monaghan, Fine Gael) | Oireachtas source

Ós rud é gur beatha teanga í a labhairt, mar a bhí mé ag rá roimh an mbriseadh, tá na scoileanna lán-Ghaelacha thar a bheith tábhachtach. Tá an Rialtas seo ag cabhrú leo siúd atá ag iarraidh a leithéid de scoileanna a chruthú. Tá ceithre bhunscoil lán-Ghaelacha i measc an 20 bunscoil atá le cruthú i mbliana. Mar an gcéanna, tá trí mheánscoil lán-Ghaelacha i measc an 17 meánscoil atá le cruthú i mbliana. Bhí an méid sin ráite agam roimh an mbriseadh, ach fiú é a rá arís.

Tá mé an-bhródúil as an scoil lán-Ghaelach atá againn i mbaile an Chabháin. Tá sé thar bharr mar scoil. Scoil den chéad scoth atá ann. Tá mé iontach sásta go raibh an Rialtas seo ábalta foirgneamh deas álainn nua a chur ar fáil in áit lárnach sa bhaile. Tá mé an-bhuíoch don Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta Quinn, as ucht a chabhrach. Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil foirgneamh deas álainn ag an scoil lán-Ghaelach seo i lár bhaile an Chabháin. Tá sé sin ar fáil anois, buíochas le Dia. Ba mhaith liom a rá leis an Aire Stáit agus, ar ndóigh, leis an Rialtas go bhfuil mé ag súil go géar leis an lá nuair a bheidh meánscoil lán-Ghaelach in áit éigin i gContae an Chabháin. Molaim don Rialtas agus don Aire Stáit a leithéid a chur ar bun roimh i bhfad. Sílim go bhfuil meánscoil an-tábhachtach, chomh maith leis an mbunscoil. Beidh sé ar fáil go gairid, le cúnamh Dé.

Tá an Rialtas seo lán-dáiríre faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá meas agus grá mór againn don teanga. Táimid láidir ar an gceist seo. Tá fochoiste Rialtais curtha ar bun chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an bhfochoiste sin. Táimid an-dáiríre faoin straitéis ag an leibhéal sin. Sílim go n-aontóidh gach Teachta liom nach bhfuil éinne sa Teach seo atá níos díograisí agus níos dáiríre faoin teanga ná an Aire Stáit, an Teachta McGinley, atá sa ról seo ag an bomaite. Tá an-tuiscint, an-mheas agus an-ghrá aige don teanga. Is cainteoir nádúrtha ó dhúchas é. Tagann sé ón nGaeltacht iontach deas i ngleanntain Ghlas Ghaoth Dobhair. Tá a chroí sa Ghaeilge agus in oidhreacht na tíre.

Ba mhaith liom a rá, mar fhocal scoir, go bhfuil gá mór ann go ndéanfaidh gach uile dhuine sa Teach seo iarracht an Ghaeilge a spreagadh ar fud na tíre. Ba cheart dúinn giota beag Gaeilge a labhairt aon uair a fhaigheann muid seans. Is fiú an díospóireacht seo a bheith againn. Ba chóir go mbeadh díospóireacht den tsóirt seo againn gach cúpla mí chun an straitéis a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.