Dáil debates
Wednesday, 11 December 2013
Topical Issue Debate
An Teanga Ghaeilge
1:50 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, tá na cumhachtaí sin tugtha dom agus glacaim go hiomlán le freagracht ina leith. Ba mhaith liom é sin a shocrú - gur sin mar atá sé i láthair na huaire ag an Rialtas seo.
Ar ndóigh, tá coiste Rialtais againn chomh maith ar a bhfuil an Taoiseach ina Chathaoirleach. Bíonn deis agam féin, ag an Aire Deenihan agus ag Airí eile a bhfuil páirteach i seo a bheith i láthair agus rudaí mar seo a phlé. Maidir le pleananna teanga, tá níos mó pleananna á ullmhú i mbliana ná mar a rinne le blianta - ar a laghad scór, agus b'fhéidir níos mó. Tá teagmháil déanta le 128 comhlacht eile le pleananna teanga a chur ar fáil. Sílim gur céim ar aghaidh mhór í sin.
Tá mise i mo Theachta Dála le breis agus 30 bliain. Níl a fhios agam an raibh an Teachta Ó Cuív anseo romham nó nach raibh. Bhí baint lárnach agam i gcónaí le cur chun cinn agus foscadh saol na Gaeilge sa Dáil seo agus sa tír seo. An rud a shásaigh mé i gcónaí, cé acu agus mé sa Fhreasúra san áit a bhfuil an Teachta Ó Cuív nó an tamall beag atá mé abhus anseo, ná nach ndearna mé uirlis pholaitíochta den Ghaeilge riamh. Má dhéanann muid uirlis pholaitíochta ná uirlis pháirtí den teanga Ghaeilge, is í an Ghaeilge a bhíonn thíos leis ar an drochuair. Tá súil agam go rachaidh muid ar aghaidh le chéile, gan a bheith scoilte ar an Ghaeilge. Rinneadh sin cheana féin agus tá an t-eolas sin ag an Teachta. Rinneadh scoilt ar bhonn páirtí polaitíochta agus páirtithe eile maidir leis an Ghaeilge agus is an teanga a bhí thíos leis. In ainm Dé, seasaimis le chéile ar son na teanga san am amach romhainn agus déan dearmad den pholaitíocht.
No comments