Dáil debates

Thursday, 5 December 2013

11:50 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein) | Oireachtas source

D'fhógair an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, inné go bhfuil sé ag éirí as a chuid dualgais i ndiaidh deich mbliana sa phost. Is é seo an chéad uair riamh i stair na tíre seo gur éirigh duine ag an leibhéal seo as a chuid cúraimí ar an dóigh seo. The announcement yesterday by the language commissioner that he could no longer continue in his role due to a lack of commitment from State organisations is a damning indictment of the Government's policy on the Irish language. Thug sé le fios don chomhchoiste go bhfuil trí cheathrú de na scéimeanna teanga a bhaineann le heagraíochtaí éagsúla Stáit, as feidhm. Léirigh sé imní mhór faoi chaighdeán cuid mhaith eile acu. Ba é an rud is tábhachtaí a bhí le rá aige ná go bhfuil eagla air go bhfuil oiread dochar déanta agus easpa muiníne sa chóras nach féidir é a tharrtháil anois. Thug sé le tuiscint nach bhfuil iarracht mar is ceart á dhéanamh seirbhísí Stáit i nGaeilge a chur ar fáil do shaoránaigh na tíre. Theip ar pholasaithe earcaíochta sa Státseirbhís le cinntiú go bhfuil go leor Gaeilge ag na hoibrithe chun freastal ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge mar is ceart. D'athraigh an Rialtas na rialacha. Ní dóigh leis an Uasal Ó Cuirreáin go bhfuil bealach ar bith go n-oibreoidh an córas nua. Ní fhaca sé in imeacht 30 bliain an oiread ísle brí agus lagmhisnigh. An nglacann an tAire leis go bhfuil an ceart ag an ombudsman a d'éirigh as inné?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.