Dáil debates

Thursday, 30 May 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

5:40 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl seimineár maith go leor d'éinne, i ndáiríre. Níl na heagraíochtaí Gaeilge sásta ar chor ar bith le seimineár. Iarraim ar an Aire Stáit an seans seo a thógáil. Ní gá go mbeimid á shéanadh aige nuair a chuirimid ceisteanna air. Ba cheart dó éisteacht linn. Ba cheart don Rialtas a chur chuige a athrú agus na heagraíochtaí Gaeilge a scoileadh isteach mar gheallshealbhóirí lárnach sa straitéis 20 bliain. Iarraim ar an Aire Stáit smaoineamh ar an moladh sin agus meon oscailte a choimeád. Is luach iontach iad na heagraíochtaí. Tá fuinneamh iontach acu. Ba cheart go mbeadh an tAire Stáit i bhfad níos oscailte, seachas a rá go bhfuil an doras dúnta-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.