Dáil debates

Thursday, 30 May 2013

Ceisteanna - Questions - Priority Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

5:40 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Feargháil, tá teagmháil rialta agam leis na heagraíochtaí Gaeilge agus na heagraíochtaí Gaeltachta. Tá mé i mo chónaí i gceartlár na Gaeltachta. Buaileann mé le muintir na Gaeltachta i mo dháilcheantar féin agus ar fud na tíre chomh minic agus is féidir liom. Níl mí ar bith nach dtugaim cuairt ar Ghaeltacht éigin ar fud na tíre. Tuigim go maith cad atá ag dul ar aghaidh sna Gaeltachtaí. Bíonn cruinnithe rialta agam leis na heagraíochtaí atá ag plé le cúrsaí Gaeilge. Creidim go láidir gur chóir go mbeadh inchur ag na heagraíochtaí pobail i gcur i bhfeidhm na straitéise. Tá sé beartaithe agam i mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, seimineár a reáchtáil gan mhoill do na heagraíochtaí Gaeilge agus na Ranna go léir. Tá sé ar intinn agam é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Más féidir liom é a dhéanamh roimh an samhradh, déanfaidh mé é sin. Ba mhaith liom fáil amach cad iad na tuairimí, na moltaí agus na smaointí atá ag na heagraíochtaí seo, iad a thabhairt le chéile agus éisteacht leis an méid atá le rá acu. Má shílim go bhfuil moltaí fiúntacha ag teacht ar aghaidh ón seimineár, beidh me sásta gníomhú dá réir. Táimid ag iarraidh gach duine - na heagraíochtaí, muintir na Gaeltachta agus an pobal i gcoitinne - a thabhairt linn. Tá súil agam go rachfaidh muid ar aghaidh le chéile, níos aontaithe ná riamh, mar thoradh ar an seimineár agus cuspóirí na straitéise a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.