Dáil debates

Thursday, 25 April 2013

4:45 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Sílim go bhfuil an Teachta thar a bheith diúltach. Tá dul chun cinn suntasach déanta. Nuair a tógadh isteach an reachtaíocht a luaigh an Teachta anuraidh, ba é an chéad Acht na Gaeltachta le breis agus 50 bliain. Tá na hionstraim reachtúla dáilithe ar na Ranna eile. Beidh cinneadh déanta gan mhoill - an mhí seo chugainn nó an mhí ina dhiaidh - ar conas a rachfaidh an túdarás agus an Roinn ar aghaidh leis na ceantair pleanála teanga. Agus é sin ráite, tá go leor teagmhála cheana féin. Tá go leor oibre ar siúl ar an talamh ag an údarás, fiú amháin gan na hionstraimí glactha leo, chun dul i dteagmháil leis na heagrais, na chumainn agus na chomarchumainn sna ceantracha Gaeltachta. Tá go leor den réamhobair déanta. Tá an-chuid eolais sa Roinn. Is fear Gaeltachta mé féin. Caithfidh mé a rá go bhfuil an-chomhoibriú idir mé féin agus oifigigh na Roinne. Is muidne atá ag tabhairt tiomantas do seo. Is muidne a thóg isteach an tAcht. Tá polasaithe an Rialtais agus polasaithe an Aire Stáit - go mbeadh an túdarás ann, go dtógfar Acht na Gaeltachta isteach agus go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - á chur i bhfeidhm ag an Roinn. Is muidne atá á dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.