Dáil debates

Thursday, 25 April 2013

4:45 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá ar dtús gur fear deas é an tAire Stáit ar leibhéal pearsanta. Ceapaim go bhfuil fadhb ollmhór ann ar leibhéal na Roinne, áfach. Ní cheapaim go bhfuil smacht iontach ag an Aire Stáit ar an Roinn. B'fhéidir go bhfuil sé faoi smacht na Roinne. Is dóigh liom go bhfuil an Roinn ag tiomáint an rud seo. Tá an-eolas ag an Aire Stáit mar fhear Gaeltachta. Tá an-chuid taithí aige i dtaobh dul chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá a fhios aige go bhfuil sé uafásach práinneach tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge, do na bailte Gaeltachta agus do na limistéir pleanála teanga. Bhrúigh sé Bille na Gaeltachta 2012 tríd an Oireachtas an bhliain seo caite in ainneoin na míshástachta i measc gluaiseacht na Gaeilge. Bhí gach páirtí ar an taobh seo in aghaidh na reachtaíochta sin. Beagnach bliain níos déanaí, tá ionstraim reachtúla fós le síniú ag an Aire Stáit. Tá sé dochreidte. Cén fáth nach bhfuil na hionstraim tábhachtacha seo sínithe ag an Aire Stáit go fóill?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.