Dáil debates

Wednesday, 6 March 2013

10:40 am

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá mé ag díriú ar na gardaí ar maidin. Is ceart agus is cóir é sin. Mar is léir do gach éinne - buailim le gardaí gach lá - agus mar a dúirt mé cheana, ní raibh spiorad na ngardaí riamh chomh íseal is atá sé anois. Níl aon dul as - tá an spiorad laistigh den fhórsa go dona ar fad faoi láthair. Is léir gur dhein an Rialtas margadh speisialta do na hoifigigh príosúin agus na comhraiceoirí dóiteáin, ach scéal eile atá ann do na gardaí. Conas a bhfuil sé sin cóir? Níl sé cóir in aon chor. Gheobhaidh na hoifigigh príosúin ráta dúbailte ar an Domhnach, ach ní gheobhaidh na gardaí an ráta céanna. Is léir go bhfuil dúshlán mór roimh gardaí na tíre seo. Mar a dúirt mé inné, caillfidh gardaí thart ar €80 sa tseachtain de dheasca an comhaontú seo. Is é sin bun agus barr na faidhbe. Tá gardaí ar fud na tíre i gcruachás faoi láthair maidir leis na morgáistí atá acu. Cuireadh na premium payments seo san áireamh mar chuid de chroíphá na gardaí nuair a bhí na morgáistí sin á fháil acu. Is é sin an fáth go bhfuil fadhb faoi leith acu an mbabhta seo. Chuala mé ar maidin nach bhfuil an tAire, an Teachta Howlin, sásta bualadh la baill an Gharda maidir le comhaontú Pháirc an Chrócaigh. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin maith a dhóthain. Impím ar an Aire ciall a bheith aige agus meas a thaispeáint do na gardaí. Ba cheart dó bualadh leo gan mhoill. An mbeidh an Taoiseach sásta labhairt leis an Aire agus a rá leis go bhfuil sé riachtanach dó bualadh leis na gardaí? Go dtí seo, tá diúltaithe aige ar an gcuireadh a tugadh dó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.